Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 3 gan a dhath faoin spéir ag cur isteach nó amach orthu. Tá sé greannmhar na rudaí a thugann sásamh duit is tú ag dul in aois. Bhí lá den tsaol is bhí me tinn ag amharc ar na ba mar bheinn amuigh ag buachailleacht ag a ’ seacht a chlog achan mhaidin roimh am scoile. Cibé ar bith tá na laethanta den chineál sin thart, tá siad imithe mar a bheadh clocha sneachta ón talamh lá Bealtaine, buíochas do Dhia. Tá saol an mhadaigh bháin ag na páistí anois is nach maith sin dóibh. Ach, a chairde chan amhlaidh a bhí sé do pháistí sa tír seo idir an dá chogadh domhanda agus sin an t - am atá mé ag dul ar ais chuige leis an scéal seo a tharraingt ó mo chuimhne. Bhí gasúr óg darbh ainm Condaí ina chomharsan bhéal dorais agamsa is muid beag nó mór ar chomhaois. Bhí an bheirt againn ar an leathanach céanna sa leabhair sums cibé. Thiocfadh baicle againn na bhaile ón scoil achan tráthnóna agus bheadh achan rith, achan gháire, achan léim is achan ghlam asainn is muid ag teacht aniar fríd an chaorán. Chluinfeadh ár muintir sinn ag teacht i bhfad sula bhfaigheadh siad radharc súl orainn. Ba sin an pháirt den lá ar bhain muid uilig sult as. Bhí lá scoile eile thart is bhí craic le baint as an turas ‘ na bhaile. Sin turas nach raibh deifre ar bith orainn a thabhairt chun críche mar bhí muid i measc cairde agus gan a dhath ag feitheamh sa bhaile orainn ach tuilleadh oibre. Bhí seanbhean darbh ainm Nellie an droichid ina cónaí píosa maith siar a ’ bealach thart fá thrí mhíle go leith ó na Doirí Beaga agus bhí siopa aici. (Chan Nellie a bhí uirthi ach déanfaidh sé cúis don scéal seo). Bhí achan sórt le fáil sa tsiopa seo. Bhí málaí plúir a raibh sé chloch déag de mheáchan iontu. Nach láidir na fir a bhí ann an t - am sin mar chan ag magadh atá mé, ba mhinic a chonaic mé fear ag teacht amach ón scioból is mála acu ar a ghualainn is chaitheadh sé an mála suas ar dhroim asail nó ar dhroim capaill ansin. Caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé mála sé chloch déag de phlúr ag dul isteach i dteach s ’ againne ariamh mar chosnódh sé fortún is cha raibh ariamh, le dhá chloigeann déag sa teaghlach, an cineál sin airgid ag dul.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3