Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 4 Cibé ar bith fuair Condaí jab sa tsiopa mór seo ar tugadh Stór Nellie air. Tá mé den bharúil go raibh rudaí cruaidh agus teann go leor fá theach Chondaí. Bhí sláinte a athair briste agus bí seachtar clainne sa teach. Mar sin de bhí lúcháir ar Chondaí jab de shórt ar bith a fháil. D ’ fhágfadh sé an teach luath i ndiaidh a sé ar maidin agus rithfeadh sé rith an bhealaigh chuig Stór Nellie. Bhí air dul isteach ag a seacht a chlog achan mhaidin Sathairn ag déanamh jabanna beaga is cha dtiocfadh sé na bhaile arís roimh a seacht a chlog tráthnóna. Bhí sin olc go leor sa tSamhradh ach nuair a thiocfadh na laethanta gairide isteach bheadh ar Chondaí bocht a bhealach fhéin a dhéanamh ‘ na bhaile i ndubhdhorchadas na hoíche is gan leis ach sluasaid bheag is aibhleog dhearg ón tine le solas suarach a thabhairt dó. Bhí liosta de na jabanna a bhí le déanamh ag Condaí déanta amach ag Nellie is thug sí an liosta dó nuair a landáil sé achan Sathairn. Leoga i dtaca le Condaí de char athraigh an liosta ó sheachtain go seachtain nó ó mhí go mí. ‘ Chores ’ a thug Nellie ar na jabanna seo agus sé ’ n chéad ‘ chore ’ a bhí aige i gcónaí ná an mhóin a thabhairt isteach agus tine a chur síos sa tsiopa agus an rud céanna a dhéanamh i dteach Nellie a bhí ceangailte leis an tsiopa. Ansin bhí aige le huisce a thabhairt isteach ón abhainn. Cha raibh sin chomh olc ach má bhí tréimhse triomlaigh i ndiaidh a bheith ann bheadh air an dá bhairille le taobh a ’ tí a líonadh. Bhí sin uilig le bheith déanta roimh a hocht a chlog, cé acu a raibh grian sa spéir nó troigh sneachta ar an talamh. D ’ osclódh Nellie an siopa ag a hocht a chlog géar. Chaithfeadh Nellie an lá istigh sa tsiopa ansin agus cha ligfeadh sí do dhuine ar bith eile dul ar chúl an chuntair mhóir aird agus má bhí uirthi imeacht ar chúis ar bith dhruidfeadh sí an siopa go dtí go dtiocfadh sí ar ais, bí- odh sin ina chúig bhomaite no ina uair. Bhí doras beag ar chúl an chuntair a chuaigh isteach i seomra mór agus is isteach sa tseomra sin a rachadh Condaí agus thosódh sé ag líonadh málaí beaga donna le tae, le siúcra, le plúr is le rísíní. Bhí dúil mhór ag Condaí sna rísíní. Bheadh ocras an domhain ar Chondaí fán am seo ach ní bhfaigheadh sé greim le cur ina bhéal roimh a deich nuair a scairtfeadh Nóra, girseach óg a bhí mar shearbhónta ag Nellie, ar Chondaí isteach ‘ na tí. Istigh ansin gheobhadh sé cupán tae, ubh bhruite agus píosa aráin úir. Cha bheadh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3