Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 5 ganntanas uibheacha ariamh fán Stór mar dhíolfadh mná na paróiste a gcuid uibheacha le Nellie. Is é sin an gnás a bhí ag na mná le cúpla pingin a dhéanamh dófa fhéin. Deich mbomaite a gheobhadh Condaí agus b ’ fhearr dó a bheith sa tseomra cúil arís ag líonadh na málaí nuair a bhíodh a chuid ama istigh. Chan iontas ar bith mar sin go mbeadh Condaí i gcónaí ag ithe na rísíní i ngan fhios do Nellie. Bhail shíl sé gur sin mar a bhí. Choinneodh Condaí cluas ghéar amuigh is nuair a chluinfeadh sé Nellie ag caint le custaiméir rachadh cuid de na rísíní isteach i mála agus an chuid eile i mbéal Chondaí. Bhí go breá is cha raibh go holc go dtí gur fhoscail an doras beag go tapaigh lá amháin is shiúl Nellie isteach agus fuair sí Condaí bocht ina sheasamh ansin is a bhéal lán rísíní. Bhail, sin an seomra ina raibh an tintreach is an toirneach an lá sin. Bhuail sí cnag ar chúl chloigeann Chondaí. “ Caith amach mo chuid rísíní, a spailpín bhig shalaigh ”, a scairt sí. Chan fhaca Condaí ciall ar bith le sin mar chan isteach i mála donn a bheadh siad ag dul is shlog sé siar an t - iomlán. “ Bhail is tú an guilpín de shlogaire, ” a scairt sí isteach ina aghaidh, “ má fheicimse rísín amháin eile ag dul isteach sa bhuicéad do bhéal sin gheobhaidh tú an bóthar. An dtuigeann tú mé? ” Nodáil Condaí léi mar bhí eagla air labhairt ar eagla go spréifeadh sé píosaí de rísíní uirthi. “ Labhair liom, ” arsa Nellie go feargach. “ Is ná bí ag nodáil liomsa mar a bheadh seanchearc ghoir ann. ” Lig Condaí slog amháin eile siar agus dhírigh sé a shúile ar an doras is labhair sé. “ A Nellie, ” a dúirt sé, “ ní rachaidh rísín amháin eile isteach i mo ghob ón lá seo go lá Sheoin Dick. ” D ’ amharc sé uirthi ansin. “ M ’ anam le Dia, a Nellie, tá m ’ fhocal agat ar sin. ” “ Huh! ” Arsa Nellie, “ d ’ anam le Dia! An síleann tú gur amadán atá ionamsa, a ghadaí gan mhúineadh. D ’ fhocalsa? Huh! Éist liom. A fhad is atá tusa istigh sa tseomra seo ag líonadh na malaí bíodh an doras beag sin foscailte agat agus tusa ag feadaíl. Má stadann an fheadaíl beidh a fhios agamsa go bhfuil tusa ag ithe na rísíní agus gheobhaidh tú an bóthar. ” Bhí clog beag ar dhoras an tsiopa agus chuala sí é. D ’ amharc sí ar Chondaí agus chroith sí a méar leis agus amach léi chuig an chustaiméir. D ’ fhág sí an doras beag foscailte agus thosaigh Condaí ag feadaíl ‘ The Minstrel Boy ’ agus é ag cur rísíní isteach i mála beag donn a bhí ar an scála tomhais is é ag déanamh a sheacht dhícheall gan a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3