Guth Ghoill, Eagrán 63

Eagrán 63 Lúnasa 2019 6 bheith ag gáire. Bhí Nellie breá sásta léi fhéin mar shíl sí de thairbhe plean s ’ aici go bhfuair sí an bhuaidh ar Chondaí. A fhad is a bhí an feadaíl ag dul cha dtiocfadh leis na rísíní a ithe. Ach, chan amhlaidh a bhí, chuaigh plean s ’ aici bealach an gharraí mar tháinig Condaí aníos le plean dá chuid fhéin. Sé an rud a bhí ann nó go líonfadh Condaí a oiread málaí le tae, le siúcra is mar sin, is a choinneodh an Stór i dul fá choinne seachtaine. Mar sin de cha raibh am ar bith le cur amú aige mar bhí tuilleadh oibre le déanamh taobh amuigh. Shiúl sé na bhaile an tráthnóna sin is é ag smaoiteamh ar an dóigh a bhfuair Nellie an bhuaidh air. Sula i bhfad bhris miongháire amach ar a aghaidh agus las a chuid súile le diabhlaíocht. Bhí cara le Condaí, JJ a bhí air, ina chónaí in aice leis an Stór agus an chéad Sathairn eile a bhí Condaí sa tseomra cúil chuala sé tapáil chiúin ar an fhuinneog. Chuaigh sé anonn agus d ’ fhoscail sé an fhuinneog. Tháinig JJ isteach i ngan fhios do Nellie is sheas sé ar chúl an dorais. Chríochnaigh Condaí véarsa den phort agus thug sé nod dó JJ. Tharraing JJ a anáil is thosaigh sé ag feadaíl ‘ The Minstrel Boy ’. Chuir Condaí crág rísíní isteach ina bhéal is bhain se sult as achan cheann acu. D ’ imigh JJ ansin is a phóca lán rísíní agus é breá sásta. Nuair a bhí na málaí uilig lán chuir Condaí a chloigeann fríd an doras beag is stad sé ag feadaíl. “ Tá shúil agam gur fhoghlaim tú ceacht, a ghasúir, ” a dúirt sí. “ Ó, is mé a d ’ fhoghlaim, ” a Nellie, arsa Condaí. “ Is mé a d ’ fhoghlaim. ” Beidh tuilleadh fá Chondaí agus Nellie sa chéad scéal eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3