Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 7 Nach iontach an rud é go bhfuil céadatán ard de mhuintir na hÉireann atá ábalta Gaeilge a léamh ach sin agus eile níl páipéar nuachta Gaeilge ar bith againn atá i ndán seasacht ar a bhonnaí fhéin agus leoga tá sé feicthe go minic againn nach maireann foilseacháin Ghaeilge rófhada fiú le cuidiú ón Stát. Is cinnte go bhfuil rud éigin ag an Ghaeilge chaighdeánach le déanamh le seo mar gur mhinic a chloiseann tú an tseanmhuintir ag rá nach hionann Gaeilge an lae inniu agus Gaeilge labhartha s’acu fhéin nó an Ghaeilge a bhí a léamh acu ar an scoil agus is fíor dóibh é. Ceann de na hathruithe móra a tháinig ar an Ghaeilge ag tús na seascaidí ná gur cuireadh deireadh le húsaid an tséimhithe agus cuireadh ‘h’ ina áit. Lena chois sin, ar an drochuair, athraíodh crot cuid mhaith de na litreacha, rud a chur leis na deacrachtaí. Samrad Geimread Farraige Tráig Teac Samhradh Geimhreadh Farraige Tráigh Teach Mar bharr donais do na daoine seo b’éigean aistriúchán a dhéanamh do na mílte focal úr a bhí ag teacht isteach sa chaint, a leithéidí uirlísí agus gléasanna úra – bhí muid istigh i ré úr, sin ré na teicneolaíochta. Cha bheadh ciall ar bith na focla úra seo a tháinig chugainn, go háirithe on bhéarla, a fhágáil gan iad a aistriú go Gaeilge ach ba seo an rud ar bhaist na daoine ‘Gaeilge an leabhair air’. Char thaitin cuid mhaith de na focla nuachumtha seo le lucht na Gaeilge, go háirithe cainteoirí dúchais. Measadh go raibh cóta an bhéarla ar chuid mhaith den aistriúchán a rinneadh ar a lán de na focla ach ‘sé an rud nár tuigeadh i gceart ná gur bhain aistritheoirí úsáid as an tseanghaeilge go minic fosta le focla a aistriú. Seo cuid de na focla ata i gceist: Cuisneoir Uaireadóir Teilifís Gluaisteán Ríomhaire Idirlíon Bhí céadatán ard de bhunadh na Gaeltachta a dhiúltaigh úsáid a bhaint as na focla seo agus bhí siad iontach dímheasúil faofa. Ba mhór an truaighe seo mar go bhfuil teangacha ag forbairt an t-am ar fad agus gan an fhorbairt seo, déanann teangacha atá níos láidre iad a shlogaint. Ar feadh tréimhse fada char bhac na Spáinnigh na focla úra a tháinig isteach ina
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3