Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 8 dteanga ón Bhéarla agus ó theangacha eile a aistriú go Spáinnis agus mheas siad go raibh a dteanga lagaithe go mór nuair a chonacthas dóibh go raibh sé in am an cás a leigheas. Agus caithfear smaoineamh go bhfuil Spáinnis ar cheann de mhórtheangacha an domhain. Mar sin de tá sé fíorthábhachtach go nglactar leis na focla úra a chumtar mar chuid den teanga agus nach mbíonn ár dteanga a truailliú agus a lagú ó lá go lá ag meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla. Dar ndóigh ceann de na rudaí eile a tharla leis an athrú saoil, go háirithe faoin tuath, ná gur imigh an foclóir a bhain le seansaol na tuaithe as úsaid, an obair agus na huirlísí a bhain leis na seancheirdeanna – an gabha, an gréasaí, an táilliúr, an fíodóir agus sa cheantar seo an saor báid chomh maith le obair an fheirmeora san am sin agus an trealamh a bhí acu. Amharcaimid anois ar chuid de na focla a chuaigh leis na ceirdeanna agus nach bhfuil in úsáid a thuilleadh. An Gabha. Bhí gabha nó bfhéidir cúpla gabha in achan cheantar san am atá caite agus bhí foclóir le dhul leis mar a bhí: Crú, cruitheacha, inneoin – ceap na hinneona agus gob na hinneona - an t-ord mór, an t-ord beag, na builg, maide builg. Is dócha go dtiocfaí a rá gur ghlac an táthaire (welder) áit an ghabha sa phobal ach cha dtig cruitheacha a tháthú ar bheathach? An Gréasaí. Chan amháin gur chóirigh an gréasaí bróga ach rinne sé bróga úra fosta. I measc na ngléasanna agus na n-acraí a bhíodh ag an ghréasaí bhí: An ceap, an meanaidh, scian ghéar, casúr, céir, ruóg. Obair agus uirlísí an Fheirmeora. Bhí cuid mhór trealaimh agus acraí fá theach an fheirmeora nach bhfuil le feiceáil anois dár ndóigh. Tá innealra níos nua-aimsearaí ag an fheirmeoir anois agus an foclóir a chuaigh le seansaol an fheirmeora
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3