Guth Ghoill, Eagrán 63
Eagrán 63 Lúnasa 2019 9 imithe mar a d’imigh na huirlísí féin: Céachta, seisreach, ag treabhadh, treabhadóir, na hannlaí, trasnáin, an clár, soc, coltar, na cuing, dromacháin, cliath fhuirste. Féar: corrán, speal, crann na speile, lann, duirnín, bacán, cloch fhaobhair, racán, cocaí, cruach. Prátaí: rómhair, treabhaigh, Iomaire, druileanna, aolach, clasaigh, scoilteán, lánú, barr bán. An Mhóin: sleán, bachta, barrhód, ag páráil, poll portaigh, fódaí. Nuair a bhí muid ar an scoil bhí tábhacht mhór ag baint le foclóir na bpáistí agus muna raibh na focla againn a bhain le ceirdeanna agus leis an saol a bhí thart orainn bhí orainn iad a fhoghlaim. AMÁRACH. Ach bhí réimse de nuachtáin Ghaeilge againn ar feadh na mblianta. Is dócha go raibh An Claidheamh Soluis, Páipéar nuachta seachtainiúil Chonradh na Gaeilge 1899-1932 ar cheann de na nuachtáin Ghaeilge ba cháiliúla a bhí againn toisc, is docha, go raibh Padraig Mac Piarais mar eagarthóir ar an pháipéar seo ar feadh tréimhse. Rinneadh an páipéar seo a fhoilsiú fosta faoi theidil eile —’Fáinne an Lae’ agus ‘Misneach’. Ansin lean nuachtáin eile macasamhail – Amárach, Anois, Foinse, Inniu, Lá, an Phoblacht, Saol. Amach as an chomhcheangal idir Amárach agus Inniu sa bhl- iain 1984 tháinig an nuachtán Gaeilge ‘Anois’. Ba ghnách le nuacht as na ceantracha éagsúla Gaeltachta a bheith le fáil in ‘Amárach’. Agus ba ó lámh Dhoimnic Uí Cheallaigh, fear léinn as an Dúchoraidh, a raibh cónai air sna Dúnaibh Íoch. a tháinig fógraí cheantar Ros Goill. Tháinig eagrán den pháipéar seo ó Dheireadh Fómhair na bliana 1961 i mo sheilbh agus is dócha go dtiocfaí a rá go dtabharann na fógraí seo léargas beag dúinn ar shaol na ndaoine agus ar eachtraí a tharla chóir a bheith trí fichid bliain ó shin agus fosta go dtabharfann sé daoine siar ar bhóithre na smaointe. Seo cuid de na míreanna ar chuir mé sonrú iontu as ‘Nuaíocht as na Dunaibh’
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3