Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 10 don darna uair ansin in 1895, Susan Murray, agus rugadh iníon, Síle (Julia) Ní Shiadhail in 1896. Ag an am sin, bhí lucht staonaireachta fá Chill Saidhe i gcoinne an óil agus shocraigh Johnnie Mháire bogadh go dti na Stáit Aontaithe lena theaghlach. Bá ansin, i 1901, a rugadh an tAthair Sean Ó Siadhail i Newport, Rhode Island. Fhad agus a bhí siad ‘ sna Stáit Aontaithe, thaistil Seán Óg, a dheirfiur Julia/Síle agus an mháthair Susan cúpla uair anonn ‘ s anall. Chan fhuil fhios agam go dí- reach cad chuige ar bhog siad ar ais go hAlbain ach bhí siad ar ais i mbun gnó in Alexandria fán bhliain 1905. Ar an drochuair arís, fuair an darna bean bás fosta i 1908 agus bhog Johnnie Mháire arais go Ros Goill leis na páistí, áit a raibh siopa beag aige in aice na céidhe. Phós Johnnie Mháire don triú heat ansin, Sarah Nic Laifeartaigh, (Sara Shéarlaí) i 1912. Bá as Dumhaigh bunadh Sarah. Fuair Sarah bás roimh Johnnie Mháire i 1933 agus lean Johnnie í bliain ina dhiaidh sin, 1934. An Sagart Sean Ó Siadhail ina óige. Cé gur chaith a athair, Johnnie Mháire, an chuid ba mhó dá chuid ama thuas sna Dúnaibh ag obair sa tsiopa agus leoga fosta, ag caitheamh cuid dá chuid ama fá theach tabhairne Phaidí Fheidhlimidh, (anois an Harbour Bar), ba thíos i nDoire a ’ Chasáin a tugadh cúram do Sheán agus dá dheirfiúr Julia. Bhí cónaí orthusan le seanChití Ruairí agus a fear céile, Micí Mháire Ó Siadhail, uncail na bpáistí. Mar a luaigh mé níos luaithe, bhí siopa breá ag Micí agus Cití fosta. Poncánach a bhí san Athair Seán Ó Siadhail, Albanach a bhí ina dheirfiúr Julia agus gan focal Gaeilge acu beirt, iad anseo anois i measc cainteoirí Gaeilge Ros Goill go luath i 1900. Ba sa tsiopa seo i nDoire a ’ Chasáin a mheasc Seán le muintir na háite agus inár fhoghlaim sé an Ghaeilge agus dóigheanna na ndaoine. Oideachas. Nuair a bhí a thréimhse curtha isteach ag Seán i Scoil Náisiúnta Dhoire a ’ Chasáin, idir tuairim is 1908 agus 1915, cuireadh é go Coláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn. Scoláire an - chliste ab ea é ó thús agus ligeadh do dhul go Coláiste Phádraig, Maigh Johnnie Mháire, Susan, Julia agus Seán 1907 Sarah Shearlaí (Nic Laifeartaigh)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3