Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 11 Nuad, i ndiaidh dó trí bliana a chaitheamh i Leitir Ceanainn. Cé gur chaith sé na chéad cúpla bliain dá shaol idir na Stáit Aontaithe agus Albain, rinne sé a bhunchéim i ‘ Modern Irish ’ agus mar pháirt de sin, rinne sé staidéar ar Ghaeilge agus ar Bhreatnais. Siocair gur fhág sé Coláiste Adhamhnáin agus é nios óige ná mar ba ghnáth, rinneadh é a oirniú faoi dispeansáid speisialta i 1925. De réir doiciméidí atá faighte agam on chartlann i Maigh Nuad, bhí sé ag léachtóireacht Gaeilge agus Breatnais ar feadh seal sa Choláiste i 1927. I ndiaidh dó an H. Dip.Ed a dhéanamh i 1927, chaith sé an tréimhse ó 1927 – 1930 ag teagasc i gColáiste Naomh Adhamhnáin agus ansin, ceapadh é mar shéiplíneach i gColáiste Bhríde ar an Fhál Carrach. Fosclaíodh Coláiste Bhríde an bhliain sin mar Choláiste Ullmhúcháin do ghirseacha a raibh suim acú dhul ar aghaidh le bheith ina múinteoirí bunscoile. Le linn a chuid ama i Maigh Nuad, is léar ó na taiféid a fuair mé ón chartlann gur scolaire fíor chumasach a bhí ann. Féach cóip den CV a chur sé isteach don phost mar Ollamh na Gaeilge i Maigh Nuad i 1940. Char éirigh leis. Radharc leathan, domhanda. Ó bhí sé ina fhear óg, bhí suim ag an Athair Ó Siadhail i gcúrsái an Domhain, suim a bhí i bfhad níos leithne agus a chuaigh níos faide ná cúrsaí Eaglasta amháin. B ’ fhéidir gur ón méid taistil anonn is anall idir na Stáit Aontaithe agus Albain a rinne sé ina óige a d ’ fhág go raibh sé compórdach i ngach cearn den Domhain nó i gcuideachta dhaoine de gach seort. Tchí muid é i 1928, le linn na laethe saoire ó Choláiste Adhamhnáin, é mar phaisnéir go dti na Stáit Aontaithe agus nuair a bhí sé ansin, d ’ fhoilsigh sé leabhar, ‘ A Lilly of the Cloister ’, i Washington i 1928. Seán Ó Siadhail Maigh Nuad 1924 C.V. an t - Ath. Ó Siadhail 1940
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3