Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 12 Mar an gcéanna, thaistil sé ar ais go dti na Stáit Aontaithe i 1929 agus 1930 agus cláraíodh é sna Vir- gin Islands mar shagart. I rith an ama a chaith sé sna Stáit Aontaithe, chuir sé síos ar an saol í Meiriceá i sraithe d ’ ailt fhada sa Derry People a chríochnaigh i Mí an Mhárta, 1930. Tuilleadh Staidéir. Chríochnaigh sé an M.A. sa Léinn Cheilteach i 1931 agus idir 1931 agus 1933, bhí sé ag staidéar sa Róimh ins an Ollscoil Pontifical Gregorian, áit ar bhain sé céim amach mar D.C.L. sé sin Dochtúrach sa Diagacht. Bhí sé ag gabháil den scríbhneoireacht fosta ag an am seo mar atá soiléir ón CV atá luaite agam cheana féin. Cúrsaí Farraige agus Iascaireachta . Ón am a bhí an tAthair Ó Siadhail an - óg, bhí suim mhillteanach aige san fharraige agus i gcúrsaí iascaireachta. Chan iontas ar bith sin do ghasúr a tháinig i méid i Ros Goill sna blianta sin. Bhí teagmháil mhór aige leis na hiascairí a bhíodh ag teacht isteach i siopa a uncail Micí Mháire i nDoire a ’ Chasáin, áit ar chaith sé a óige, agus seans ar bith a gheobhadh sé, bheadh sé amuigh ar na bádaí leofa. Mhair an tsuim seo i rith a shaoil agus choinnigh sé ‘ punt ’ beag i gcónaí a fhad is bhí sé ‘ na chónaí i nDoire a ’ Chasáin, seo go tús na seascaidí. Thig leat an grá a bhí aige don fharraige a fheiceáil ó chuntas in irisleabhair ó Choláiste Adhamhnáin i 1930 le linn dó a bheith ag teagasc ansin. Thug sé scaifte de mhic léinn ón Choláiste amach go hOileán Thoraigh go díreach roimh laetheanta saoire an tSamhraidh. Turas lae a bhí ann agus d ’ ith siad i dteach an tsagairt i dToraigh. Chan fhuil tuairisc ar bith ar fhan an bia sna goilí acu ar an bhealach ‘ na bhaile! I gcás an Athar Uí Shiadhail, cha bheadh seans ar bith go mbeadh tinneas farraige air- sean mar bhí sé breá cleachtaithe ar achan seort farraige óna óige. Bhí sé an - eolach ar nithe teicniúla agus eolaíochta a bhain leis an iascaireacht agus de thairbhe sin, toghadh é mar dhíritheoir ar an Fisheries Association sna tríochaidí. Scríobh sé cuid mhór alt faoi chúrsaí iascaireachta. Bhí sraith sheachtainiúil aige sa Derry Journal: “ Fishing Items ” (1932) agus “ Fishing Items: Second Series ” (1932). I gcuid de na hailt seo, chuir sé chun tosaigh poinntí faoin bhealach ab fhearr a dtiocfaí iascaireacht na tíre seo a chur chun cinn ach bhí cuid de seo conspóideach go leor i measc lucht An tAth. Ó Siadhail (ar cúl ar clé) ag an ócáid i Scoil Dhoire Chasáin i 1933 nuair a bronnadh teastas ar Mhicí Eoin agus John Doudy ar son a gcrógachta.. Sea Fisheries 1932
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3