Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 13 iascaireachta. Tá cuimhne agam, an uair a cheannaigh Chearlaí John Nochaí (MacGiolla Chéarra) an bád úr, Ros na Cille, bhí transmitter ar an bhád. Fuair an tAthair Ó Siadhail sean trans- mitter agus bhíodh sé ag cur scairt ar Chearlaí le linn dó a bheith ag teacht aníos a ’ báighe, chun fáil amach cé mhéad crann a bhí ar bord aige an lá sin. Nuair a bhí Finola Harte, (Hudaí) ina déagóir agus ar laetheanta saoire ón choláiste, bheadh sí ag obair thíos i nDoire Chasáin do Julia, deirifiúr an tSagairt agus corr uair, d ’ iarrfadh an tAthair Seán le uirthi scairteadh ar Ros na Cille ar an Transmitter agus cúpla amhrán a cheol díofa agus iad amuigh ag iascaireacht. D ’ inis sí domh go ndearna sí sin cúpla heat. An Ghaeilge Mar a dúirt mé cheana, cé gur chaith an tAthair Ó Siadhail a chéad chúpla bliain dá shaoil idir Meiriceá agus Albain, cha raibh sé i bfhad go raibh sé líofa sa Ghaelige. Chan amháin ó thaobh labhartha de ach fosta, ó thaobh dian staidéar a dhéanamh uirthi mar atá soiléir óna CV. Duine ar bith a labhair leis nó a d ’ éist leis i mbun seanmóra ag an Aifreann, beidh cuimhne acu ar a líofacht, a chruinneas agus gan úsáid a bhaint aige as focal béarla ariamh agus é ag labhairt. Bhí sé compordach a bheith ag scríobh i nGaeilge nó i mBéarla agus rinne sé cúpla leabhar agus ábhar i nGaeilge a fhoilsiú - An Fhilíocht Ghaelach, Seathrún Céitinn agus Scéalta Cois Farraige a foilsíodh go srathach san Irish Rosary idir 1931 - 1933, Teitheadh na n - Iarlaí, A Mhire is a Ritheann an Grá, agus Pádraigín Haicéad, 1938. Fosta scríobh sé: Ar Bharr na dTonn, (Irisleabhar Mhagh Nuad), Ar Dhroim na Mara, (Irisleabhar Mhagh Nuad), An Pápa sa Choilligh Bhig, (aistriúchán ar The Pope in Killybuck). Cuid de na leabhair Ghaeilge a d'fhoilsigh sé
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3