Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 14 Bhí sé ina mholtóir ag Feis Dhoire i 1940 agus ina aoi speisialta ag Feis Ros Goill sna Dúnaibh i 1953, áit ar labhair sé faoi athbheochan na Gaeilge. Cha raibh eagla air tuairimí difriúla a chur chun tosaigh agus cháin sé iarrachtaí an Ghaeilge a bheith mar aon teanga amháin sa tir. Ta an óráid a thug sé fá bhun- táistí an dátheangachais le fáil i eagrán den Derry Journal i Mí Mheán Fómhair, 1953. Rud eile a thaispeáin nach raibh eagla air dhul in éadan dhearcadh an tromlaigh, scríobh sé, i litir chuig na nuachtáin, nar aontaigh sé leis an méid áiteanna a bhí coinnithe i gColáiste Bhríde ar an Fhál Carrach do ghirseacha as an Ghaeltacht. Dúirt sé go raibh cónaí ar chuid de na daoine is mó go bhful suim acu in athbheochan na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus nár cheart bac a chur os a gcomhair. Sin ó fhear a raibh suim an - mhór aige sa Ghaeilge agus a d ’ obirigh i gColáiste Bhríde é féin ar feadh seal. Cruthú eile fán suim a bhí aige sa Ghaeilge ná go raibh sé mar Phríomh Ollamh Gaeilge i gColáiste Cholmcille i nGaoth Dobhair ó 1936 – 1940. Cúrsai Eaglaise. Ó rinneadh é a oirniú i 1925, bhí saol ilghnéitheach go leor caite ag an Athair Ó Siadhail agus ‘ sa bhliain 1933 tháinig deireadh le seo ar feadh tamaill. Nuair a tógadh an Teach Pobail úr i gCnoc Fola, ba é an chéad sagart a ceapadh ansin mar shagart cúnta agus bhí sé ann go dtí 1940 nuair a ceapadh é mar shagart cúnta i nGort a Choirce, áit a raibh sé go dtí 1944. Ar shiúl leis aríst ansin i rith an chogaidh agus ceapadh é mar Shéiplineach don Royal Navy i 1944. Bhí sé ag obair amach as Cathair Dhoire agus Portsmouth an chuid is mó den am ach tugadh cuimhneachán do a deireann: Rev. J.A. Shields, H.M.S. Drake, D - Day, 1944. Tá mé cinnte nach raibh sé i Normandy agus silim gur H.M.S. Drake an t - ainm a bhí ar an Ceannáras don Royal Navy i Plymouth. Char labhair sé mórán ar chor ar bith faoi seo ach bhí a bhairéad oifigiúil crochta i gcófra thíos i nDoire a ’ Chasáin ach díoladh an siopa, a bhí a reáchtáil ag a dheirfiúr Julia, nuair a bhog said go Gort a Choirce níos moille. Stad sé den obair seo i 1948. Cigire Eaglaiseoireacht,(E.I.) 1948 – 1963 . Ceapadh an tAthair Ó Siadhail mar Chigire Eaglaiseoireachta i 1948 agus mar a dúirt mé An tAth. Ó Siadhail mar Shéiplíneach. Cuimneachán ó D - Day 1944
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3