Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 15 ag tús, bheadh cuimhne ag daoine go fóill ar na cúirte- anna a thugadh sé ‘ na scoile le seiceáil ar an Teagasc Críostaí. Cé gur dhuine dáiríre a bhí ann, bhí tréith an ghrinn ann fosta agus go háirithe le páistí. Chan ócáid tromchúiseach a bheadh ann nuair a thagadh sé is- teach agus mo chuimhne fhéin ná go mbeadh sé ag miongháire agus é ag cur corr cheist. Bhí sé an - tugtha do mhilseáin é féin nó ‘ lossenges ’ mar a bhéarfadh sé orthu agus bhéarfadh sé cúpla ceann do pháistí a thug freagra maith do cheisteanna níos deacra. Le linn na mblianta a raibh sé ag obair mar Chigire Eaglaiseoireachta, chaith sé cuid mhaith ama in éin- eacht leis an Easpag Mac An Fhile (McNeely) agus é ag bogadh thart. Bhí sé ina sheort de ‘ Chaffeur ’ ag an Easpag agus é ag dul anonn in aois agus sílim fosta gur bhraith an tEaspag ar a chomhairle mar go raibh tuigsint an - leathan ag an Athair Ó Siadhail ar chúrsai a bhain leis an Eaglais. Nuair a fuair an tEaspag Mac an Fhile bás I 1963, ceapadh an tAthair Ó Siadhail mar shagart paróiste i nGort a Choirce. Ar Chúl an Chuntair sa Siopa. Le linn dó a bheith ag obair mar Chigire Eaglaiseoireachta ar fud na Deoise, chónaigh an tAthair Ó Siadhail i nDoire a ’ Chasáin, os cionn an tsiopa. As siocair nach raibh sé ceangailte le obair na paróiste le linn na mblianta seo, bhí am aige rudaí eile a dhéa- namh agus chomh maith le bheith ag déanamh cuid mhór scríbhneoireachta, chaith sé cuid mhaith ama sa tráthnóna agus san oíche ar chúl an chuntair sa tsiopa. Bhain sé sásamh mór as a bheith i dteagmháil leis na daoine a bhí ag teacht ‘ un tsiopa agus a bheith ag caint agus ag comhrá leo fa caidé a bhí ar siúl sa cheantar ó thaobh cúrsaí iascaireachta, imirce agus a leithéidí. Char chuir seo isteach ar a chuid scríbhneoireachta mar bheadh a shean - chlóscríobhán ar an chuntar in aice an ‘ Bacon Slicer ’ agus é breá ábalta bheith “ ag feadalach agus ag cogaint mine ag an am amháin ”. Cé gur siopadóir an - chumasach a bhí i Julia, ghlac an tAthair Seán suim mhór i gcursaí gnó agus bhí a chuid earraí féin ar díol ann. Dá mbeadh inneall ‘ outboard ’ a dhíth ar fhear bheadh sé ábalta inneall ‘ Seagull ’ a sholáthar dó furasta go leor nó, leoga, rud ar bith eile a bhain le cúrsaí iascaireachta. Nuair a bhíodh sé ar shiúl ar oilithreacht i Fatima, ba mhinic go dtabharfadh sé sciurd anonn go Morocco áit a gceannóchadh sé dosaen uaireadóir agus choinneochadh sé iad thuas os cionn a mhuinchillí go dtí go dtiocfach sé arais go Seanchlóscríobhán an Athair Uí Shiadhail Clog a bhain Micí Hiudái ag na cartaí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3