Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 16 Doire a ’ Chasáin. Maram nár shíl lucht an chustaim go ndéanfadh sagart a leithéid. Ansin, bheadh ‘ Rolexes ’ agus ‘ Longines ’ ar díol sa siopa ach sna blianta sin, cha raibh mórán daoine ag caitheamh uaire- adóirí agus b ’ fhéidir go bfhuil ‘ Rolexes ’ amuigh ar chúl an tseantí go fóill. Rud eile a chur sé ar siúl ná stiúideo thall os comhair an tsiopa, áit a raibh bean as Ráth Maoláin, Róise Ní Dhochartaigh, i mbun oibre ag déanamh cultacha nua – aimseartha do mhná. Rinneadh cúpla ‘ gown ’ thall ansin do mhná óga a bhíodh ag dul chuig damhsaí de sheort éigin. Sa seomra céanna san oíche, d ’ eagraigh sé cluichí cártaí d ’ fhir na háite agus is iomaí clog a baineadh agus is iomaí mallacht a cuireadh thall ansin le linn an imirt chártaí. Seort ‘ community centre ’ a bhí san áit. Gort a Choirce, 1963 – 1971. Ba seo an darna uair don Sagart Ó Siadhail a bheith i nGort a ’ Choirce. Mar a hinsíodh roim- he, bhí sé ansin mar shagart cúnta idir 1940 – 1944. Nuair a ceapadh é go Gort a Choirce, dhíol sé féin agus a dheirfiúr Julia an teach agus an siopa a bhí acu i nDoire a ’ Chasáin agus bhog Julia leis mar bhean a tí go Gort a Choirce. Cé nach raibh eagla ar bith air roimh an fharraige agus go dtéadh sé féin amach go hInis Bó Finne fiú nuair a bhíodh daoine amhrasach go leor, cha raibh sé compordach go mbíodh muintir an oileáin ag teacht amach ‘ un Aifrinn in am na doininne agus shocraigh sé go dtógfadh siad Teach Pobail úr ar Inis Bó Finne. Fosclaíodh an Teach Pobail úr i 1965. Bhí ceiliúradh mór ar an Oileán an lá úd agus thaistil léar mór daoine as an tír mór le bheith i láthair. Bhí dáimh mhór ag muintir an oileáin leis an Athair Ó Siadhail agus nuair a fuair sé bás i 1971, ba fir an oileáin a d ’ iompair a chónair chun na reilige. Comhartha eile den dáimh a bhí idir muintir an oileáin agus an tAthair Ó Siadhail na an tainm a cuireadh ar chúpla bád ón oileán, sé sin “ Canon An tAth. Ó Siadhail agus slua ar a mbealach chuig oscailt an ti pobail úr ar Inis Bó Finne, 1965 Canon Shields III An Grotto ag barr Mhalaigh ’ n Mhuilinn.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3