Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 17 Shields". Lourdes agus Fatima. Ba le linn an ama a bhí sé i nGort a Choirce a shocraigh sé ‘ Grottos ’ a thógáil ag achan bhealach a bhí ag teacht isteach ‘ na paróiste agus tá thart fá dhosaen acu sin ann anois. Thóg sé ceann fosta ag barr Malaigh ‘ n Mhuilinn cóngarach dá sheanteach. Bhí creideamh an - láidir aige sa Mhaighdean Mhuire agus d ’ eagraigh sé agus bhí sé i gceannas ar chuid mhór oilithreachtaí ó Dheoise Ráth Bhoth thar na blianta. Ar cheann de na hoilithreachtaí seo go Lourdes, cheannaigh sé cúpla dealbh mór fá choinne cuid de na ‘ Grottos ’ a bhí le tógáil go fóill. Tharla sé gur theip ar shláinte an Easpaig Mhic an Fhile nuair a bhí sé amuigh leo agus bhí otharcharr as Leitir Ceanainn ag feitheamh leis ag Aerphort Bhaile Átha Cliath. Mar a tharla sé, bhí sé róthinn le dhul san otharcharr agus tugadh é go hOspidéal eile i mBaile Cliath. Chonaic an tAthair Ó Siadhail seans anseo leis na dealbha a chur go Dún na nGall agus lódáil sé iad isteach i gcúl an otharchairr. ‘ Landáil ’ siad thíos ag siopa a dheiriféar Julia i nDoire a ’ Chasáin agus cha raibh a fhios ag cuid de na seandaoine a bhí sa tsiopa caidé a bhí ar siúl nuair a thosaigh an tiomanaí a ’ tabhairt na dealbha amach as an otharcharr. Choisric traidhfil acu iad féin agus ar shiúl leo ar nós na gaoithe. Thar na blianta fosta, scríobh sé cuid mhór leabhar fá Lourdes agus Fatima, agus thogh na húdaráis i Lourdes an leabhar a d ’ fhoilsigh sé i 1958, “ The Guide To Lourdes ” mar threoirleabhar oifigiúil d ’ oilithreachtaí. Caide ’ n seort duine a bhí ann? Dá gcuirfeá ceist ar dhaoine a raibh aithne mhaith acu ar an Athair Ó Siadhail, caidé ’ n seort duine a bhí ann, maram go ndéarfadh cuid mhór acu gur fear an - chliste a bhí ann. Cuid de na leabhair Bhéarla a d'fhoilsigh sé

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3