Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 18 Tá sin soiléir ón ábhar a chur Coláiste Phádraig, Maigh Nuad chugam. Déarfadh daoine fosta go raibh creideamh láidir aige sa Mhaighdean Mhuire ach nach raibh sé a bhrú ort. Deir daoine da mba rud é nach deachaigh sé leis an sagartóireacht gur duine acadúil, fear gnó nó polaiteoir thar barr a bheadh ann. Sílim gur féidir a rá gur fear do na daoine a bhí ann. Nuair a bhíodh sé ar laetha saoire ón Choláiste ina óige, d ’ eagródh sé rásai curaí thuas ar Loch Den Mhór do na boic óga thart fán ait. Am amháin bhí sé críochnaithe le seancharr a bhí aige nach raibh inneall ar bith ann, lig sé do m ’ athair agus do dheartháir m ’ athar, Hugo ‘ imirt ’ leis. Cha raibh boinn ar bith ar na rothaí agus ‘ sén rud a dhéanadh siadsan ná go mbrúfadh siad an seancharr go barr Malaigh ‘ n Mhuilinn agus léimeadh achan stócach thart fán áit isteach. Ar shiúl ansin leo síos Malaigh ‘ n Mhuilinn chomh tapaigh agus a thiocfadh leo agus díreach roimh an droichead thiompódh siad isteach fríd bhearna sa chlaí agus isteach sa Chrossóg. Cha raibh dromchla tarmacadam ar an bhealach mhór an t - am sin agus bhíodh callán millteanach óna rothaí iarainn ar an tseanbhealach buí. Bhíodh na madaidh uilig as an Bhaile Láir ag gabháil ar mire leis an challán agus muintir Bhaile Láir ag amharc ar an ‘ gang ’ seo as Doire a ’ Chasáin ag cur isteach ar a suaimhneas. Cha raibh ‘ driving lessons ’ ar bith an t - am úd agus ba ar Mhalaigh ‘ n Mhuilinn a d ’ fhoghlaim cuid mhór boic an dóigh le carr a stiúradh. Corn Ghluaisrothaíocht 1930 Corn Ghailf ón Fhal Carrach 1927 Teastas Pósta Jimmy McGrory
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3