Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 19 D ’ inis Muiris Bhidí, go ndéana Dia mhaith air, go ngearrfadh an tAthair O Siadhail na co- sa as faoit nuair a bhíodh sé ag imirt sacar. Bhí sé iomaíoch agus ghlac sé páirt i rásaí gluaisrothar ar an trá sna Dúnaibh agus bhain sé corn ansin i 1930. D ’ imir sé galf fosta nuair a bhí sé óg agus bhain sé an Falcarragh Cup i 1927. D ’ inis m ’ athair, Jack Mac Pháidín domh gur léim Seán isteach sa linn snámha, a bhí i Maigh Nuad ag an am, agus go raibh an soutane fada air. Rinne sé seo mar dhéadail (dare) agus sílim go dtaispeánann sé gur lad nádúrtha go leor a bhí ann in ainneoin é bheith fíor acadúil fosta. Chan fhuil fhios agam cén dóigh a tharla sé ach bhí sé an - chairdiúil leis an laoch, Jimmy McGrory as Ceiltigh Ghlascú, fear a raibh teach Samhraidh aige sna Dúnaibh, an teach sin a raibh cónaí ar Jim Carr agus a theaghlach ann agus a díoladh le goirid. Am amháin bhí Celtic ar thuras sna Stáit Aontaithe agus shocraigh said eatarthu go dtiocfadh Jimmy isteach ar tír mór, ón soitheach, ag Bun an Phobail agus go bpósfadh sé Veronica Green as Glascú. Phós an tAthair Ó Siadhail Jimmy McGrory agus Veronica Green i mBun a ’ Phobail i Mí Iúil, 1931. Mar fhocal scoir ar an seort duine a bhí ann, seo sliocht as na taifid a fuair mé ar na mallaibh ón Royal Navy fan seort duine a mheas siadsan a bhí ann i rith a ama mar shéiplineach le linn an Dara Cogaidh. “ Very loyal, mixes well, keen unofficial E.N.T. instructor, good conversationalist, and an excellent messmate ’ Bás. Fuar an tAthair Sean Ó Siadhail bás tobann i dTeach na Paróiste i nGort a Choirce ar an 22 Eanair, 1971. Bhí sé seachtó bliain d ’ aois. Tá se curtha sa reilig i nGort a Choirce.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3