Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 2 CLÁR Coirnéal Nan 2 An tAth. Ó Siadhail 8 Samhain 20 Niall Mac Giolla Bhríde 23 Scoil Mhíobhaigh 27 heobhaimse an bus achan mhaidin Dé hAoine le dul suas go Carraig Airt le mo phinsean a thógáil is le harán, bainne is rudaí eile a fháil don teach. Tá dúil mhór agam sa turas beag seo mar casaim le daoine ó áiteacha eile sa pharóiste, agus leoga ó tógadh an droichead úr casaim le daoine as Fánaid fosta sa tsiopa agus bíonn craic agam leo. Ceann de na hábhair is mó a thagann aníos le tamall anois ná cé acu an bhfuil na scéalta i gCoirnéal Nan go hiomlán fíor. A leithéid de cheist le cur ar dhuine. Tá cuimhne mhaith agam ar an am, agus tá seo ag dul ar ais blianta fada, a bhí mé i mo ghirseach óg ag fás aníos sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair. Bhí sé coitianta go leor ag an am sin fir siúil a fheiceáil ar na bóithre. Thagadh siad ó achan chearn den tír agus bhí an t - ádh orainne mar stopadh siad le mo mháthair am ar bith a mbíodh siad fán cheantar. Bhí mo mháthair breá flaithiúil leofa uilig agus nuair a thiocfadh am luí gheobhadh siad mála mór is é lán cocháin le dul a luí air in aice na tine. Char tharla sé ariamh gur fhág fear siúil amháin teach s ’ againne ar maidin gan a bholg a bheith lán bracháin agus bainne milis. ‘ Sé an tuige a bhfuil mé ag insint seo daoibh ná go rachadh an scéal amach go raibh fear siúil i dtigh Bhidí Bhig agus thiocfadh na comharsana uilig ag airnéal an oíche sin leis na scéalta a chluinstin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3