Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 20 Tá an bhliain ag dul thart nuair a thagann Oíche Shamhna orainn . Tá na crainn a bhí faoi dhuilliúr ghlas agus ag amharc go bródúil i rith an tSamhraidh ag éirí lom anois. Tá cineál de chruit orthu agus gan cosaint ar bith acu agus iad ag fanacht ar an Gheimhreadh chruaidh atá thart a ’ coirnéal. Athraíonn an t - am fosta, oícheanta fada agus laethanta goiride. Am suimiúil é an tSamhain agus bhí ceangal mór idir Oíche Shamhna agus Oíche na Marbh i gcónaí. Bhí lear nósanna págánacha sa tír seo am amháin agus cé go dtáinig an Chríostaíocht isteach d ’ fhan lear de na nósanna seo linn. Bheadh féasta mór ag an am seo den bhliain ag tabhairt buíochais ar son na mbarrai agus as siocair an Fómhar a bheith sábháilte. Bheadh gamhain rósta ar thine mhór agus neart le h - ithe agus le h - ól agus neart rince. Nuair a bheadh an féasta thart dhéanfaí achan rud a dhó sa tine ansin, go h - áirithe na cnámha agus tá mise den bharúil gur as sin a tháinig an focal béarla ‘ Bone Fire Night ’ no mara deireadh muidinne Oíche ‘ le Eoin. Bheadh go leor cleasaíochta ag dul ar aghaidh fá na tithe Oíche Shamhna. Rud an - choitianta a bhí ann na húlla a chrochadh ón díon agus bheadh ort do dhá lámh a chur ar chúl do dhroim agus plaic a bhaint as an úll. Fosta ba ghnách scála uisce a chur i lár an urláir agus píosa sé pingine a chur ar thóin a scála agus aríst bheadh ort do dhá lámh a chur ar chúl do dhroim agus iarracht a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3