Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 21 dhéanamh an sé pingine a thógailt amach le do chuid fiacla. ‘ S iomaí uair a cuireadh an scála uisce bun os cionn i lár an urláir. Chuala mé scéal fá fhear a raibh deoch bhreá air agus cuireadh dúshlán air an t - airgead a thógailt amach as a ’ scála uisce, ghlac sé leis an dúshlán agus rinne sé a dhícheall ach ní raibh sé ábalta an t - airgead a fháil. Ach ní thabharfadh sé isteach agus d - ól sé an t - uisce uilig ach i ndeireadh na dála cha raibh airgead ar bith sa scála. Bheadh fáinne in achan bhairín breac ag an am seo den bhliain agus bheadh achan duine ag súil go mór leis an té a bheith déanta tráthnóna agus go leor gáire agus magadh a dhéanamh ar an té a gheobhadh an fáinne agus b ’ fhéidir é greamaithe sna fiacla ag duine éigin. Rud eile a dhéanfaí go minic agus go h - áirithe dá mbeadh duine nó beirt istigh ag airneál d ’ fhágfaí trí fochupán ar an tábla. Bheadh fáinne i gceann acu, créafóg i gceann eile agus uisce sa tríú ceann. Phiocfaí triúr ansin agus chuirfí dallóg ar a gcuid súl, ansin thiontófaí thart iad trí uaire agus ansin bheadh orthu a lámh a chur isteach i gceann de na plátaí . Dá bpiocfadh siad an t - uisce bhí sé ráite go rachadh an duine sin thar sáile taobh istigh den bhliain, bhí sé ráite fán té a phiocfadh an fáinne go mbeadh an duine sin pósta taobh istigh den bhliain ach scéal eile ar fad a bhí ann don té a phiocfadh an chréafóg mar go raibh sé ráite go mbeadh an duine sin san uaigh taobh istigh den bhliain . Chreid lear daoine sna rudaí seo agus chuirfeadh sé isteach go mór orthu. Bheadh eagla mhór ar dhaoine a bheith amuigh sa dorchadas ag an am seo den bhliain mar go mbeadh lear cainte fá shíogaithe agus fá thaibhsí agus chreid na daoine go mbeadh an teorainn lag idir an saol s ’ againne agus an saol eile agus go mbeadh siad ábalta bogadh ó shaol amháin go dtí an saol eile furasta go leor .[níl mé ag ag caint fá Brexit anseo!]. Sa tseanam nuair a bheadh an té

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3