Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 22 déanta tráthnóna agus na soithigh nite bheadh sé coitianta go leor ag daoine an t - uisce a chaitheamh amach ar an t - sráid ach Óiche Shamhna cha chaithfí uisce ar bith amach i ndiaidh dó a dhul ó sholas mar go raibh sé raite go mbeadh na síogaithe thart an oíche sin agus bhí eagla ar na daoine rud ar bith a dhéanamh orthu ar eagla go dtabharfadh siad drochamharc orthu. Bheadh go leor daoine ag piocadh sméara dubha ag an am seo fosta agus bheadh na mná ag déanamh sú astu ach i ndiaidh Oíche Shamhna cha phiocfaí nios mó sméara dubha mar go raibh sé raite go siúlfadh na síogaithe orthu agus cha bheadh siad maith ina dhiaidh sin. Sa lá atá inniú ann bionn na fuinneoga sna tithe agus sna siopai lasta suas go galánta le Séan Ó Gealaí ach is dóiche nach bhfuil fhios ag an aos óg inniu gur seo sean nós a bhí ag an t - seanmhuintir a théann ar ais na céadta bliain. Oíche na marbh ba ghnáth leis an t - seanmhuintir coinneál a fhágáil lasta san fhuineoig i rith na h - oíche agus chuirfí tine mhór síos ag ám luí. D ’ fhágfaí seanphíopa créafóige agus píosa tobac ar bhac amháin agus gráinín beag snaoisín ar an bhac eile le taispeáint dóbhtha go raibh fáilte mhór rófa dá dtiocfadh siad ar ais . Sin cur síos goirid ar chuid de na rudaí a ba ghnách tarlú ag an am seo i bfad ó shin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3