Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 23 Bhí lá den tsaol ann agus bhí Gaeilge chomh binn agus chomh fairsing agus a chluinfeá í áit ar bith eile sa chontae le cluinstin thart ar an Chraoslach . Má tá amhras ar dhuine ar bith dár léitheoirí faoi seo, níl le déanamh ach súil a chaitheamh siar ar bheatha dhuine de na filí a ba chlúitigh ariamh a rugadh agus a tógadh i gcontae álainn Thír Chonaill - Niall Mac Giolla Bhríde. i bhFíodh Mór an Chraoslaigh a rugadh Niall, Oíche Shamhna na bliana 1861. Bhí ceithre acra dhéag ag a athair Proinsias agus ba de bhunadh Mhic Giolla Bhríde as Gort na Brád, taobh amuigh de Charraig Airt, a mháthair. Ní dheachaigh sé ‘ na scoile go raibh sé seacht mbliana d ’ aois agus níor fhág sé an scoil go raibh na hocht mbliana déag bainte amach aige, cé nach raibh sé ar scoil go lán - aimseartha in am ar bith fríd na bliantaí sin. Cé go raibh Gaeilge aige ón chliabhán, ba bheag an líon daoine a raibh ar a gcumas í a léamh nó a scríobh sna laethanta sin. Ná déan dearmad gur faoi chóras na Scoilteacha Náisiúnta a bhí an t - oideachas sna laethanta sin agus ba bheag meas a bhí ar an Ghaeilge ná níor múineadh í mar ábhar sna scoilteacha. Ina theannta sin, seachas scoláirí mór le rá, ní raibh leabhartaí Gaeilge le fáil ag gnáth - dhaoine. Ba as leabhair Shéamais Uí Chreag, Conallach eile ó cheantar na nGleanntach, a d'fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, chaith sé cúpla bliain ag cuidiú lena athair ar an fheirm agus ba thart fán am seo, 1881, a ghlac sé mionna a lig isteach sna Fíníní é. Le linn an ama seo, hiarradh air teachtaireacht a thabhairt chuig fear de na Fíníní i gContae Mhaigh Eo. Rinne sé amhlaidh agus is cosúil gur ghlac sé corradh le seachtain dó a bheal- ach a dhéanamh o Dhún na nGall go Maigh Eo agus ba de shiúl coise formhór a aistir, cé go luann sé gur chaith se tamall ar an iarnród chomh maith. Deir sé go raibh sé ina fhinné ar mhiorúilt a tharla i gCnoc Mhuire, le linn a chuairt ar Mhaigh Eo. nuair a leigheasadh bean a raibh cos ghairid uirthi. Ba ghearr ina dhiaidh sin a cuireadh na Fíníní faoi bhanna na hEaglaise agus d ’ éirigh Niall agus cuid mhaith dá chomrádaithe as an ghluaiseacht dá bharr. Niall Mac Giolla Bhríde & a Mháthair
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3