Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 24 Bhí dúil aige sna leabhair agus thosaigh sé ag cumadh véarsaí i mBéarla ar dtús agus ansin i nGaeilge. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge ó bunaíodh é i nDún na nGall sa bhliain 1901. Chuir Stiofán Mag Fhloinn réamhrá le cnuasach dá véarsaí - Blátha Fraoich, Songs in English and Irish , a foilsíodh sa bhliain 1905. I measc na n - amhrán nó dántaí a bhí inti, bhí Mo Chró Beag ag Bun Chnoc a' Tí, The Hills of Donegal, Maolmuire, A Ballad of Doe Castle , agus Charlie of Feymore. Ba é a chum na hamhráin chailiúla sin Nóirín Bán agus Nuala na gCuacha Buí chomh maith . Ach creidim nach mbeadh eolas chomh forleathan ar a ainm muna ndéanfadh sé é a scríobh i nGaeilge ar a chairt lá amháin sa bhliain 1905. Tháinig fear de na péas air agus ar ndóiche cuireadh an dlí air de tahirbhe go raibh an t - ainm ar an chairt do - léite. Is cosúil go raibh seo in éadan an dlí ach ba léir do Chonradh na Gaeilge gur seo seans maith le taispeáint go raibh an teanga agus rud ar bith a raibh baint aige le náisiúnachas á chur faoi chois ag na húdaráis. Mar sin, nuair a cuireadh fíneáil dhá scilling air sa chúirt i nDún Fionnachaidh, mhol Conradh na Gaeilge dó gan é a dhíol. D ’ fhóir seo go maith do Niall mar bhí sé ina iar - bhall de na Fíníní agus tugadh an cás chun na hArd - Chúirte, áit ar chosain dlíodóir agus fear de na tírghráthóirí ba mhó sa tir, Padraig Mac Piarais é. Ba seo an t - aon uair amháin a chleachtaigh an Piarsach a cheird ghairmiúil agus chaill siad an cás, mar a tharla. Le súil go gcuirfí é i bpríosún, thug Niall cuairt ar an bheairic i nDoire ach rinne fear uasal éigin an fhíneáil a íoc dó i ngan fhios. B ’ iomaí véarsa eile a scríobh sé le linn a bheatha agus chaith sé a shaol ag feirmeoireacht ar a ghabháltas ar an Fhíodh Mór. Casadh Niall agus Liam Ó Connacháin ar a chéile sa bhliain 1935 agus chuidigh Liam leis a Dhírbheathaisnéis (Autobiography) a scríobh sa bhliain 1939. Fuair Niall Mac Giolla Bhríde bás ar an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1942. Tá sé curtha i reilig na dTuath agus tá plaic aitheantais ar an bhalla ar do bhealach isteach ‘ na reilige . Ach d'imigh sin agus tháinig seo, mar a deir said. Tá ainmchlár Néill le feiceáil fós in Iarsmalann Dhún na nGall i Leitir Ceanainn

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3