Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 25 Ach i ndeireadh na dála, ar imigh? Léigh leat go bhfeice tú! Tugadh aitheantas dár bhfile Conallach ar na mallaibh i Scoil Naisiúnta Ghlasáin, foirgneamh atá suite laistigh de dhá mhíle ó theach cónaí Néill Mhic Giolla Bhríde ar an Fhíodh Mór. Tá ceantar Ghlasáin ar cheann de na ceantair Ghaeltachta lonnaithe thart ar an Chraosloch atá mar pháirt de Ghaeltacht Thuaisceart Dhún na nGall. Ba ócáid chultúrtha í seo a tharla de bharr comhoibriú idir fhoireann na scoile agus choiste Chéim Aniar, ceanneagraíocht na Gaeltachta thuasluaite. Tharla sé gurbh é Mo Chró Beag ag Bun Chnoc a' Tí an téama a roghnaigh Céim Aniar do Mhórshiúl Lá 'le Pádraig i mbliana. Creidim go mbeadh sé níos cruinne a rá gurb é Proinsias Mac Giolla Bhríde, ball de choiste Céim Aniar a tháinig aníos leis an smaoineamh. Ní hé amháin gur tháinig sé aníos leis an smaoineamh ach ghlac sé seilbh ar an tionscadal agus dhearaigh sé agus thóg sé an teach breá ceann tuí leis an leathdhoras atá le feiceáil thíos faoi agus nach breá an obair a rinne sé ar a Chró Beag ag Bun Chnoc a' Tí ! Fuair sé fear áitiúil le taifeadadh a dhéanamh den amhrán agus amach leis i Mhórshiúl Lá 'le Padraig lena Chró Beag agus amhrán Néill Mhic Giolla Bhríde á shéideadh amach fríd na callairí. Bhain sé trí dhuais ar an lá agus nach raibh sé tuillte go maith aige? Measadh ansin gur saothar in aisce a bheadh ann, gan é a bheith ar taispeáint ach ar aon ócáid amháin agus mar sin, rinneadh teagmháil le Príomhoide Scoil Ghlasáin, atá suite faoi scáth na Mucaise, le fail amach an mbeadh suim ag na daltaí scoile an ‘ Cró ’ álainn seo a fheiceáil. D ’ aontaigh an Príomhoide, Áine Ní Fhuaruisce gur smaoineamh maith a bheadh ann agus shocraigh sí go ndéanfadh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3