Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 26 na scolairí rud beag taighde ar bheatha agus ar shaothar Néill Mhic Giolla Bhríde. Socraíodh fosta go rachadh muintir Chéim Aniar siar ‘ na scoile leis an Chró Bheag roimh laetha saoire an tSamhraidh. Rinneadh amhlaidh: Thug Proinsais Mac Giolla Bhríde agus cúpla ball de Chéim Aniar an Cró siar ‘ na Chraoslaigh ar leantóir agus cuireadh fáilte mhór rófa. Ba lá brothallach a bhí ann agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Thainig na daltaí agus an fhoireann go léir amach go dtí an chlós agus rinne siad cur síos cuimsitheach ar shaol an fhile. Ní amháin go raibh siad ábalta fonn nó port Mo Chró Beag ag Bun Chnoc a' Tí a sheinm ar a bhfeadógaí stáin ach ina theannta sin cheol siad trí véarsa den amhrán chomh maith. Bhí maidin ghalánta againn go léir; ba trí mheán na Gaeilge a seoladh an ócaid ó thús go deireadh; tugadh aitheantas do Niall Mac Giolla Bhríde ina thír fhéin agus phill muid abhaile sona sásta.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3