Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 3 Anois, cha bheadh ariamh go leor cathaoireacha ná stólta d ’ achan duine agus sé ’ n nós a bhí ann ag an am nuair a bheadh scaifte mór sa teach ná go suífeadh daoine sna fuinneoga, cuid eile acu ar an tábla agus tuilleadh acu ar an leaba sa chlúid. I dtaca linne na páistí de, bheadhas muid ina luí thuas sa lochta agus gan focal nó gíog amach asainn sa dóigh is nach dtabharfadh duine ar bith muid fá deara. Cibé ar bith bhí fear siúl darbh ainm Tuathal Bacach sa teach an oíche seo agus bhí an áit lán go doras mar is seanchaí den scoth a bhí ann agus choinnigh sé muid uilig faoi smacht s ’ aige ar feadh na hoíche. Bheadh Tuathal ina shuí ar an chathaoir mhór in aice na tine, is é mar rí ar a choróin. Bheadh aoibh ar a aghaidh, is é ag tarraingt aníos na cuimhní óna aigne, agus fios maith aige nach dtitfeadh focal as a bhéal i ngan fhios mar bheadh achan chluas ar aire agus achan shúil fán teach dírithe airsean amháin. Bhí neart daoine fá cheantar s ’ againn fhéin a raibh an scéalaíocht go smior iontu ach cha sheasfadh duine ar bith acu leis an fhear siúil seo nuair a rachadh sé i mbun scéil. Chuirfeadh sé an tús céanna ar achan scéal agus dár ndóighe chuala mé an tús sin chomh minic sin nach dear mé dearmad ariamh de. Seo mar a thosaigh sé na scéalta. “ Bhí am ann fadó, agus is fadó a bhí, dá mbeadhas muid an uair sin ann cha bheadhas muid anois ann. Ach cé acu fadó nó anois, a chairde Gaeil, cha bheadhas muid a choíche gan aon scéal. ” Lasfadh sé a phíopa ansin agus shuífeadh sé go sona sásta agus an toit ina scamall os a chionn agus rachadh sé isteach sa scéal. Bhí go maith is cha raibh go holc go dtí gur inis sé scéal oíche amháin ina raibh achan seort iontais. Bhí taibhsí ann, bhí an púca ann agus cha raibh laoch dár tharraing anáil ariamh fán tír seo nach raibh sa scéal. Chríochnaigh sé an scéal an dóigh chéanna is a chríochnaigh sé achan scéal leis na focla seo. “ Creid é nó ná creid, a fheara, ach sin an scéal. ”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3