Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 4 Thosódh an chaint ansin is daoine ag moladh an scéil agus an seanchaí. Ach an oíche seo sheas duine de na comharsana suas, Tomás Bhrinie Eoin a bhí air, is scairt sé amach os ard, “ níl an scéal sin fíor. ” Bhail, a leithéid de rud. Chluinfeá gíog dreoilín amuigh ar oileán Ghola. Bhí achan duine sioctha san áit ina raibh siad, gan ach na súile ag bogadh ó Thomás go Tuathail is ar ais arís. Cha Shílim go raibh a fhios ag Tomás é fhéin fán chineál torthaí a thiocfadh as a chuid focla mar bhí mise sa lochta díreach os a chionn is thug mé fá deara a mhuineál ag deargadh is é ag bogadh ó chos amháin go dtí ’ n chos eile. Cha raibh iontas ar dhuine ar bith níos mó ná orm fhéin mar ghlac mise leis i mo shoineantacht ag an am sin nach raibh i scéal ar bith ach an fhírinne. Cad chuige a mbeadh siad ag insint bréaga? Nach peaca a bhí sa bhréag? Labhair mo mháthair ansin i nglór deas modhúil, ach modhúil is uile is mar a bhí a glór cha raibh aon duine sa teach, Tomás Bhrinie Eoin ina measc, nár thuig go raibh Bidí Bheag creathnach míshásta. “ An rud é, a Thomáis Bhrinie Eoin, ” a dúirt sí, “ go bhfuil tú ag tabhairt bréagadóir ar aoi de mo chuidse faoi mo dhíon fhéin. ” Bhail, cha raibh a fhios ag Tomás cá háit le hamharc is é ina sheasamh ansin ag splutaráil leis mar a bheadh páiste ar rugadh air ag ithe an t - siúcra. ‘ Sé Tuathal Bacach é fhéin a tharraing ón tine é. “ A Bhidí bhig, ” a dúirt sé, “ seo an rud a dúradh liomsa i gcónaí is cuma cá háit sa tír ina raibh mé. ” D ’ amharc sé thart orainn uilig ansin sular labhair sé arís. “ Ná mill scéal maith, a Thuathail Bhacaigh, ar mhaithe leis an fhírinne. ” Thosaigh mo mháthair ag gáire ansin agus dúirt sí, “ nach bhfuil an ceart ansin agat, a Thuathail? ” “ Ó, tá, ” arsa Tuathal, “ is má chuirim leis an scéal nó má bhainim uaidh ‘ n scéal cad é ’ n difir a fhad is go mbaineann sibh uilig sult as? ” Thosaigh Tuathal ag gáire ansin agus thit an gáire amach fríd an teach is bhí achan duine sásta, Tomás ina measc. Cha dear mé dearmad ariamh den rud a dúirt Tuathal an oíche sin, go mbeidh Dia maith don chréatúr. Anois, tharla na rudaí seo uilig i mo chuid scéalta agus sin an fhírinne ach má tá peacaí beaga bána ina luí thart anseo is ansiúd fite fuaite fríd na scéalta cad é ’ n difir?. Chan rud é go bhfuil mé ag seasacht don Dáil. ’ Sé ’ n t - aon rud a nímse ná na hainmneacha a athrú mar cé go bhfuil an chuid is mó de na daoine i mo chuid scéalta ar shlua na marbh le fada tá neart daoine muinteartha dófa ag nocáil thart go fóill. Tá a fhios agaibh fhéin cad é chomh tiubh is atá muid uilig nuair atá muintearas agus fuil i gceist. Anois rachaidh mé ar ais chuig scéal Chondaí. Sa scéal roimhe seo bhí Condaí i ndiaidh an bhuaidh a fháil ar Nellie i dtaca leis na rísíní de agus chan iontas ar bith sin mar is stócach óg cliste a bhí ann agus cha raibh sé ariamh furasta ceann a chuir trasna air. Bhí bliain amháin is bhí an máistir ag iarraidh dráma beag na Nollag a dhéanamh sa scoil. Bhail, chan bréag é a rá go raibh muid uilig ag léimnigh thart fán áit le lúcháir mar cha dear muid a leithéid ariamh agus bhí a fhios againn go bhfaigheadh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3