Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 5 achan pháiste sa scoil páirt de shórt inteacht. Thug an máistir páirt Mháire Naofa dona iníon fhéin, Bríd. Girseach bheag ramhar rua a bhí inti agus char amharc sí a dhath cosúil le pictiúir ar bith de Mháire Naofa dá bhfaca mise ariamh! ‘ Bidí na breicní ’ a thug cuid de na gasúraí dímhúinte uirthi ach, bheadh sin ráite iontach ciúin mar is girseach bheag chonfach tintrí a bhí sa Bhríd chéanna. Anois, d ’ fhág sin nach raibh ach páirt mhór amháin eile le líonadh, sé sin páirt Sheosaimh é fhéin. “ Tá gasúr beag cliste a dhíobháil orm don pháirt seo, ” arsa an máistir lá, “ mar tá cnapán línte le foghlaim is níl mórán ama fágtha. Sheas Condaí, an gasúr ba chliste sa rang gan dabht ar bith, is dúirt sé, “ déanfaidh mise an pháirt sin, a mháistir, beidh na línte agam i gcionn seachtaine. ” Bhí mise ag rá liom fhéin go gcaithfeadh sé an pháirt a thabhairt do Chondaí mar cha raibh gasúr eile sa pharóiste leis an chineál sin cumais. An chéad rud eile sheas Cathal ó Domhnaill. Anois, is col ceathrar de chuid Chondaí (‘ sé Ó Domhnaill a bhí mar shloinneadh ar Chondaí fosta) a bhí sa Chathal seo ach cha raibh siad mór lena chéile ariamh. Slíbhín beag de dhuine a bhí i gCathal agus tá mé den bharúil go raibh éad millteanach air i dtaca le Condaí de. Bhí sé i gcónaí ag insint scéalta fá Chondaí don mháistir agus b ’ iomaí sceilpeáil a fuair Condaí leis an bhata de thairbhe an diabhal de chol ceathrar a bhí aige. “ Tabhair an pháirt domhsa, le do thoil, a Mháistir, ” a dúirt Cathal. “ Ta mise breá ábalta fá na coinne. ” “ Suigh thusa ar do thóin, ” arsa Condaí leis agus phléasc an fhearg ón mháistir. “ A Chondaí, ” a dúirt sé, “ ná labhair thusa mar sin le duine ar bith i mo rangsa. Cá bhfuil mo bhata? ” “ Gabh mo leithscéal, a mháistir, ” arsa Cathal, “ ach bhris tú do bhata ar chloigeann Phait Báin tráthnóna inné. ” “ Ó, sea, ” arsa an máistir, “ bhail, amach leatsa, a Chathail agus gearr slat saileoige amach as garraí Mháire domh. ” “ Déanfaidh mé sin duit, a mháistir, ” arsa Cathal agus chuaigh sé i dtreo an dorais. “ A Chathail, ” arsa an Máistir. Stad Cathal. “ Slat mhaith, an dtuigeann tú? ” “ Ó, tuigimse go maith a mháistir, ” arsa Cathal agus gáire beag niogóideach ar a aghaidh. Bhail, dá bhfeicfeadh sibh an bata a d ’ iompar sé isteach. Dhéanadh sé teannaire maith do sconsa agus chuir an máistir a neart iomlán sna buillí a landaíl sé ar lámha bhochta Chondaí. Ó, bhí nimh ina chroí ag Condaí do Chathal anois ceart go leor. Le scéal fada a dhéanamh gairid fuair Cathal páirt Sheosaimh sa dráma agus is é a bhí mórtasach fán scéal. Cha raibh lá dá deachaigh thart nár chuir sé ceist ar Chondaí fán mhéid línte a bhí aige. Cha raibh ach líne amháin ag Condaí bocht. Líne le sé fhocal. Bhí páirt fhear an tí ósta aige agus nuair a chuireadh Seosamh ceist air sa dráma ‘ sé ’ n rud a bhí le rá aige ná, “ Níl, tá na seomraí uilig lán. ” Cha raibh mé fhéin ag déanamh sa dráma ach aingeal beag a thiocfadh isteach, mé fhéin is cúigear eile, nuair a bheadh an leanbh Íosa sa chliabhán. Ach mar sin fhéin bhí amhrán beag againn is bhí i bhfad níos mó na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3