Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 6 sé fhocal le foghlaim. Caithfidh mé a rá gur chuir sé iontas orainn uilig fá cad é chomh ciúin agus chomh modhúil is a bhí Condaí de thairbhe go raibh Cathal de shíor ag déanamh a bheag dó siocair páirt Sheosaimh a bheith aige fhéin. Cibé ar bith tháinig an oíche mhór is bhí halla na nDoirí Beaga lán go doras le bunadh na háite is iad uilig ag súil go mór leis an dráma a fheiceáil. Le cur leis an scéal, oíche iomlán gealaí i lár mí na Nollag a bhí ann, ina raibh réalta sa spéir agus siocán bán trom ar an talamh, rud a chruthaigh atmaisféar iontach don ócáid. Bhí muidinne uilig cúl stáitse ag amharc isteach ó na taobhanna ar na haisteoirí ar stáitse. D ’ éist muid le achan fhocal agus muid ag fanacht go neirbhíseach ar an scairt le dul amach ar an stáitse. Bhí mé ábalta an máistir a fheiceáil i lár an chéad ró agus mo thuismitheoirí fhéin suite ar chúpla suíochán ar a chúl. Sin an máistir a bhí bródúil. Bhí achan rud ag dul i gceart. Bhí an máistreás ag promptáil ach cha raibh líne caillte go fóill ag aisteoir ar bith, agus chan iontas ar bith sin i mo thuairimse mar cha raibh a dhath d ’ obair na scoile déanta againn le coicís anuas ach muid go díreach ag gabháil don dráma. Bhí iníon s ’ aige ag láimhseáil páirt Mháire Naofa go maith cé go raibh coirnín beag de ghruaig rua ag gobadh amach ó chochall s ’ aici. Le cothrom na féinne a thabhairt do Chathal bhí sé maith fosta mar Sheosamh agus é ag éirí níos fearr de réir mar a bhí an scéal ag dul ar aghaidh. Fán am a tháinig an Teaghlach Naofa isteach go Bethlehem bhí Cathal ag strutáil thart mar a bheadh coileach óg lá samhraidh. Shiúl sé isteach ar dheis agus ró- pa ina lámh is é ag tarraingt asail. Bhí JJ ó Colla mar cheann agus cosa tosaigh an asail agus bhí Steafán Ó Baoil mar dhroim agus na cosa deiridh. Bhí Máire Naofa ina suí ar dhroim an asail agus a srón san aer, stad siad lár stáitse. Bhí doras an tí ósta cúl stáitse ar chlé ach sular bhuail Cathal cnag ar an doras d ’ amharc sé amach ar an lucht féachana Ba seo an bomaite a bhí sé ag feitheamh air. Chífeadh achan duine an pháirt bheag shuarach a bhí ag Condaí. An chéad rud eile bhuail Cathal cnag ar dhoras an tí. D ’ oscail Condaí an doras giota beag agus shín sé a chloigeann amach. Sheas Cathal mar a bheadh saighdiúir ann. “ A fhir a ’ tí, an bhfuil spás ar bith agat domh fhéin is do mo bhean cheile,? ” a dúirt sé. D ’ oscail Condaí an doras isteach rith an bhealaigh is scairt sé amach os ard. “ Tá cinnte, neart spáis sa teach seo. Goitsigí, isteach libh. ” Bhail, cha raibh bogadh agus cha raibh focal ar stáitse nó sa halla. Bhí Cathal ina sheasamh i lár stáitse is a bhéal

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3