Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 7 foscailte agus tá mé den bharúil nach raibh sé fiú amháin ag análú. Cha raibh a fhios ag Máire Naofa cá háit le hamharc is a haghaidh ag deargadh. Chonaic mé fhéin aghaidh an mháistir is é greamaithe dona shuíochán. Sa deireadh scairt sé amach. “ A mháistris, tabhair prompt dófa. ” Bhí mé fhéin i mo sheasamh in aice na máistreása ach cha raibh a fhios ag an bhean bhocht cad é le déanamh. Bhí sí uilig fríd a chéile agus na nótaí ag titim ar an urlár. Bhí a fhios agamsa líne Chondaí, agus dúirt mé léi, “ Níl, tá na seomraí uilig lán. ” D ’ amharc sí orm le hiontas. “ Cad é na seomraí? ” a dúirt sí, agus thosaigh beirt de na haingil ag mo thaobhsa ag caoineadh. Fán am seo bhris an gáire amach sa halla. Ciúin ar dtús ach d ’ ardaigh sé de réir a cheile. Cha raibh Steafán bocht láidir go leor le meáchan Bhríd a thacú rofhada sin agus thit sé síos ar a ghlúine agus thit Máire Naofa ina cnap ar an urlár. Má bhí gáire sa halla bhí deich n - oiread sin gáire anois ann. Rith an dá aingeal a bhí ag caoineadh amach ar an stáitse agus síos go dtí ’ n lucht féachana ag cuartú a máithreacha. Bhí Pat Bán ag déanamh páirt aoire agus bhí téad ar pheata d ’ uan a bhí aige ach chaill sé smacht air agus tharraing an t - uan é isteach ar an stáitse is an t - uan céanna ag dul ar mire. Sheas Máire Naofa agus leag sí amharc súil ar Chondaí a thiontódh bainne agus stampáil sí den stáitse. Sa deireadh tháinig an máistreás aici fhéin agus tharraing sí na cuirtíní le críoch a chur leis an phrácás. Fán am ar tháinig an máistir cúl stáitse cha raibh Condaí le feiceáil thall nó abhus. Is maith an rud fosta mar tá mé cinnte go mbeadh sé ina luí marbh dá bhfaigheadh an máistir greim air an oíche sin. Char chaith Condaí lá eile ar an scoil agus is mór an trua sin mar bhí ábhar máistir ann gan dabht. Rinne na páistí uilig ábhar gáire den rud a tharla don slíbhín Cathal Ó Domhnaill as sin amach agus cha dtig liom a rá go raibh trua agam dó. Cha raibh mé fhéin ar stáitse roimh an oíche sin. Chan fhuair mé deis dul amach ar an stáitse an oíche sin agus cha raibh mé ar stáitse arís go dtí go dear mé dráma san ionad i gCarraig Airt chóir a bheith trí scór go leith bliain i ndiaidh na hoíche sin. Nach ait an mac an saol! Creid é nó ná creid, a fheara, ach sin an scéal. Beidh tuilleadh fá Chondaí sa chéad eagrán eile . Seo Nan agus an fhoireann a bhí sa dráma in Ionad Lae Charraig Airt
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3