Guth Ghoill, Eagrán 64
Eagrán 64 Samhain 2019 8 Daoine as Deoise Ráth Bhoth a rugadh thart fá dheireadh na gcaogaidí, bheadh cuimhne acu ar shagart; Cigire Eaglaiseoireachta, mar a glaodh orthu, a thiocfadh isteach ‘ na scoile anois agus aríst le ceisteanna a chur ar na daltaí scoile fá Theagasc Críostaí. Cérbh é an sagart seo? An Sagart Seán Ó Siadhail as Doire a ’ Chasáin a bhí ann agus sula dtabharfaidh mé cuntas ar a shaol féin, ba cheart domh tagairt a dhéanamh dá theaghlach agus cá as a dtáinig sé. Ba uncail do m ’ athair, Seán (Jack) Mac Pháidín a bhí ann. Clann Uí Shiadhail. Sloinneadh coitianta go leor é Ó Siadhail i gceantar Ros Goill agus go háirithe, san Íoch- tar. Cé go bhfuil cúpla teaghlach de bhunadh Ó Siadhail ann, níl cruthú ar bith go bhfuil siad uilig muinteartha dá chéile ach amháin, b ’ fhéidir, dá dtéifeá ar ais cúpla céad bli- ain. Bhí cónaí ar shinsearaigh an Athair Uí Shiadhail i nDoire a ’ Chasáin Mór sa teach a raibh cónaí ar na gaolta is deireannaí, Marcus Rua agus a dheartháir, Micí Hughie Mháire. Tá a ’ fhios againn gur rugadh athair mór an tsagairt, sé sin Edward, timpeall 1810 agus an t - ainm a bhí air na Edward Mhicí Éamainn. Mar sin, thig linn a mheas gur rugadh an Éamann sin thart fá 1760 agus go raibh an teaghlach seo i nDoire a ’ Chasáin Mór ar a Teach Uí Shiadhail, Doire Chasáin, sular leagadh é
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3