Guth Ghoill, Eagrán 64

Eagrán 64 Samhain 2019 9 laghad an fhad sin. Bhí Edward pósta ar Mháire Ní Luadhóg as Droim, baile fearainn sna cnoic os cionn Chreamhghoirt. I gcás Edward, athair mór an tsagairt, nuair a fuair sé bás i 1865, taispeánann a theastas báis gur feirmeoir agus ‘ dealer ’ a bhí ann. Bhí muileann aige fosta thíos ag bun Mhalaigh ‘ n Mhuilinn ar thaobh na láimhe deise ag dul síos. Gnó dleathach a bhí anseo ach bhí gnó ar an taobhlíne aige fosta agus ba sin go raibh sé a ’ dhul den phoitín. De réir tuairisce sa Derry Journal, Márta, 1850, bhí sé fhéin agus fear eile as an Íochtar, Donachadh Ó Gallachóir, (Donkey an leas - ainm a bhí air) ar dhroim beithígh thuas ag Carnisk cóngarach do Ráth Mealtain agus cúpla ceaig poitín leo le díol. Tháinig fear d ’ oifigigh an chustaim darbh ainm James Greer amach rompu; bhreith sé ar adhastar an bheithígh tosaigh agus dhírigh a phiostal orthu. Léim a ’ bheirt acu de na capaill agus bhris siad an gunna le bataí agus chur siad Greer go talamh. Ba dhóbair go raibh siad ar shiúil ach gó díreach ansin, tháinig fear thart a ’ coirnéal ar dhroim beithígh agus cé a bhí ann ach John Sproule, Breitheamh an Chon- tae. D ’ aithin sé Edward Shields agus bhí siad san fhaopach. Tugadh iad os comhair na cúirte i Leifear agus gearradh téarma trí ráithe (naoí mí) orthu le daor obair. Mhothaigh mé an scéal seo a insint ag Micí Hughie Mháire ag tús na n - ochtóidí ach, ní go dtí le gairid a fuair mé an cuntas sa Derry Journal ó Mhárta, 1850. Is mór an rud é an béaloideas Leagadh teach Uí Shiadhail i nDoire a ’ Chasáin Mór ar na mallaibh ach ba sa teach seo fosta a rugadh athair an Athar Uí Shiadhail, Johnnie Mháire agus fosta a uncail, Micí Mháire, fear a raibh siopa aige suas a ’ lána os comhar a ’ Grotto ag barr Malaigh ‘ n Mhuilinn. Johnnie Mháire, (Ó Siadhail), 1866 – 1934 Rugadh Johnny Mháire, athair an Athar Seán Ó Siadhail, i nDoire a ’ Chasáin Mór thart fá 1866. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, cuireadh é ag obair mar phrintíseach le Joseph H Gal- lagher, fear a raibh siopa mór éadai- theoireachta (drapery) agus biotáille aige i Leitir Ceanainn. Bhog sé go hAlbain ansin agus bhí siopa éadai- theoireachta agus teach tabhairne aige i gCill Saidhe, (Kilsyth). Phós se bean as Albain, Mary McCahill in 1886 ach fuair sí bas 1892. Phós sé Johnnie Mháire (Ó Siadhail) Micí Hughie, Marcus Rua & Neacht.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3