Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 10 Tharraing siad trioplóga le h- asal ó Phortach a’ Dochartaigh a bhí siar ar chúl a’ tí. Bhí tobar anseo fosta a thug uisce don phobal thart orthu agus nach deachaigh tirim ariamh. Chomh maith le sin bhí crann a d’fhás thiar ansin fosta agus atá ansin go fóill ar tugadh Tor Ghráinne Bhilly air ach cha raibh fhios aige cé a bhí in Gráinne Bhilly ná cha raibh fhios ag a athair ach oiread. As siocar nach raibh mórán fostaíochta fán áit bhí cuid mhór imirce, go háirithe i measc na n-óg. Iad sin a bhí fágtha bhí siad ag brath ar an dole agus ar an phinsean agus chan mórán a bhí ansin. Dá dtiocfadh le daoine cúpla scilling sa bhreis a dhéanamh thall is abhus ba sin má b’fhearr é ach bhí daoine i gcónaí thart a raibh fonn orthu sceitheadh ar dhaoine a fuair cúpla uair oibre. Thug Joe Mc Nutt pór tornapaí d’athair Den le díol am amháin. Cha raibh saibhreas le déanamh as seo mar gur málaí beaga unsa a bhí iontu agus cha raibh siad ach ocht bpingin déag an t-unsa. Cheannaigh daoine thart fán chomharsanacht an pór uaidh – leithéidí Den Antoin, Dinis Aindí, Micí Ginn (dhá unsa) Paidí Shíle agus roinnt daoine eile. Cuireadh litir mhór fhada isteach ag an Roinn Leasa Shóisialaigh faoi seo fá athair Den a bheith ag saothrú airgid. B’éigean do Den a dhul go Baile Átha Cliath le cás a athar a throid agus mar a dúirt sé fhéin, ‘chuaigh mé suas gan oiread agus leathphingin i mo phóca a gheobhadh cupa té domh’. Nuair a chas sé leis an fhear a bhí chun na ceiste a phlé dúradh le Den go gcaithfeadh sé theacht ar ais lá eile mar nach raibh an litir léite aige agus nach dtiocfadh leis an cás a phlé. Cuirtear an bhróg ar an té a bhíonn thíos. I gCeann an tSaoil. Nuair a d’fhág Den an scoil sna blianta tosaigh de na daicheadaí cha raibh mórán fána choinne agus é ag dul i gceann an tsaoil. Ba ghnách le scaiftí ón cheantar imeacht go poirt iascaireachta sa Bhreatain Mhóir le scadáin a ghutáil. Ba obair shéasúrach a bhí anseo. Triúr a bhíodh ar achan fhoireann gutála, beirt ag gutáil agus fear amháin a bpácáil i mbairille agus a sailleadh. Cha raibh sé mórán os cionn ceithre bliana déag nuair a d’imigh sé fhéin, Tony Den Antoin agus Padaí Dhomhnail go hOileáin Shetland. Dhíoltaí iad ar an méid oibre a dhéanadh siad. Bhí lá fuar, gruama Geimhridh amháin agus deir Den gur phácáil sé 50 bairille, 50 bairille de scadáin bheaga agus gurbh seo éacht nár sáraíodh ó Mná ag gutáil, Shetland. Shetland ag tús an chéid dheireanaigh. Paidí Dhomhnail
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3