Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 11 shin. Bhí lóistín acu in ‘huts’ agus de thairbhe nár ól sé san am sin cha raibh sé furasta an t -am a chur thart. Cé go bhfuil Shetland tamall maith ó thuaidh bheifeá ag súil é a bheith iontach fuar in amanna ach mar a deir Den nuair a bhíonn tú óg cha dtabharann tú amhail ar an fhuacht. Bhíodh corr racán ann nuair a bhíodh siad ag ól ach cha raibh caill air. Bhí scaifte mór ón cheantar seo agus ó iarthar na Contae ansin idir fhir is mhná. Nuair a fuair sé blas ar an ghutáil chaith sé tréimhsí in áiteacha eile fosta — An Bun Beag, Ard Ghlais, (Ardglass), Yarmouth agus sa bhaile sna Dúnaibh. Bhí eachtra a bhain de nuair a bhí sé ag an ghutáil san Ard Ghlais (Ardglass), eachtra simplí, ach eachtra a thaispeánann duit mar a chuirtear dóigheanna an tsaoil os do chomhair. Shocraigh sé fhéin agus fear eile a dhul isteach go Port a’ Dúnáin (Portadown) lá amháin fá choinne bearradh gruaige (haircut) a fháil. Chuir siad ceist ar sheanduine ag barr sráide an dtiocfadh leis ainm bearbóra maith a thabhairt dóibh. ‘Are you Catholic’? arsa an seanduine. ‘We are’ arsa Den. ‘I was thinking that by the way you spoke’ ar seisean, ‘ the best man for you is at the bottom of this street, and listen to me’ arsa seisean leofa, ‘Don’t go to the other fella lads, you know yourself’ Fuair siad ceacht simplí faoin dóigh a raibh gnothaí sna Sé Chontae. Athrú Saoil. Bhí Den ar an chéidh sna Dúnaibh lá amháin le linn de na halfdeckers a bheith ag teacht isteach le lastaí scadán. Bhí Chéarlaí John Nochaí ina measc, bhí Chéarlaí pósta ar Mháire, deirfiúr Den. D’inis Chéarlaí do Den go raibh sé fear goirid agus d’fhiafraigh sé de an oibreodh sé dó i rith an lae agus ag deireadh an lae go dtabharfadh sé dó cibé cé mhéad scadán a bheadh fágtha thart. D’oibrigh Den ar an chéidh go titim na hoíche agus fán am sin bhí ocht ndosaen scadán fágtha thart agus bhí Chéarlaí chomh maith lena fhocal – fuair Den na scadáin. Cha mhó ná go raibh sé sé bliana déag ag an am. D’imigh Den ina rith ‘na bhaile agus fuair sé amach srathar agus cléibh le cur ar an asal ar maidin. Char chodlaigh Den néal an oíche sin ach ag smaoineamh ar bheith ag dul amach lena asal ar maidin ag díol scadán. Dar ndóigh bhíodh lear daoine ag caitséireacht fá na Dúnaibh san am sin – Brianaí Beag (Mac Giolla Chearra), Stiofán a’Bhacán, Nead Beag Nead Thuathail (Ó Gallchóir), Den William Sheáin (Mac Giolla Bhríde), seanJohn a’Canainn agus John Óg a’Canainn. D’imigh sé leis ar maidin leis an asal agus cléibh agus ocht ndosaen scadán agus ag teacht anuas dó ag an Lodge casadh traidhfil as Tulach dó, bhí siad ar a mbealach ‘na céidhe le bairille scadán a shailleadh. Ba ghnách le achan An bád úr a cheannaigh Chéarlaí John Nochaí — Ros na Cille.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3