Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 12 teach bairille de scadáin shaillte a bheith acu san am sin. Cheannaigh siad na hocht ndosaen uaidh agus thug siad dó 1/6 an dosaen. Bhí a chéad chúpla scilling saothraithe aige ar an iasc agus is cinnte gur iomaí iasc a dhíol sé ón am sin go dtí gur ghlac sé sos uaidh traidhfil blianta ó shin. An Bhochtaineacht. Thaispeáin an t-éileamh a bhí ar scadáin thart timpeall chósta an Chontae agus síos iarthar na tíre an leibhéal de bhochtaineacht a bhí againn. Bhí an t-ádh orainn go raibh an scadán againn, go raibh sé le fáil go fairsing agus go raibh an scadán folláin, sláintiúil mar bhia. Mar sin de nuair a deirfí gur ‘the poor man’s fish’ a bhí sa scadán bhí an fhírinne ansin mar go raibh sé saor le ceannacht agus cha raibh airgead ag daoine le feol ar bith de chineál eile a cheannacht agus an t-ádh orainn fosta go raibh sé chomh folláin sin. Ach san am chéanna bhí amanna ann a raibh sé ródhaor ag daoine nuair nach raibh an t-airgead acu le é a cheannacht. Casadh bean ar Den i gCarraig Airt cúpla lá i ndiaidh do na chéad scadáin a dhíol agus dúirt sí leis a bheith cinnte a aghaidh a thabhairt ar Thulach leis na chéad scadáin eile a gheobhadh sé. Maidin amháin eile bhí sé thíos ar an chéidh nuair a bhí na bádaí ag teacht isteach. Bhí scadáin mhóra líonta le Jimmy Antoin agus thug sé bascaed mhaith acu do Den ar luach bhreá réasúnta. Bhí aithne mhaith aige ar Den mar gur ghnách le Den cuidiú leis ag am chur agus bhaint na bprátaí ag an Lodge. Bhí Den breá sásta lena lód agus thug sé aghaidh ar Thulach. Casadh fear dó ar an bhealach thuas ag Tulach agus d’fhiafraigh sé do Den an raibh sé ag díol scadán, dar ndóigh dúirt Den leis go raibh agus nach raibh a sárú le fáil. Dúirt sé le Den a dhul thart ar achan teach agus go nglacfadh sé fhéin dhá dhosaen. Dhíol sé go maith go dtí gur bhuail sé cnag ar an doras áirithe seo agus tháinig glór mná ó chúl an dorais a dúirt, ‘I’m not in’. Cha raibh luach na scadán ag an bhean bhocht agus sin mar a bhí sé go minic ar fud an Íochtair agus an Uachtair le linn na mblianta sin. An Rosapenna. Dheamhan i bhfad ina dhiaidh seo fuair Den lód eile de scadáin bhréatha uaidh Jimmy Antoin – iad mór agus líonta agus shocraigh sé a dhul suas go dtí Óstán Ros na Binne leofa. Tháinig an Chef amach, fathach d’fhear a bhí ann ón Phólainn. D’amharc sé ar na scadáin agus d’fhiafraigh sé dó Den cé mhéad a bhí siad. Bhí na scadáin ó scilling agus sé pingne go dhá scilling an dosaen ag an am. Is dócha gur shíl Den go raibh níos mó airgid fán Rosapenna ná mar a bhí sa phobal agus nach raibh an ceart aige. ‘Half a crown a dozen’ arsa Den. ‘Well I’m going to tell you something’ arsa an Chef leis, ‘and you’ll have to repeat it to me in case you make a mistake. I’m taking sixteen dozen’ Thug sé duilleog pháipéir do Den agus scríobh sé 3 scilling (3/=) an dosaen orthu. Déan sin a athrá domhsa anois ar seisean le Den. Thug sé ordú do Den ansin a dhul isteach chun na hoifige agus gan fágáil go bhfaigheadh sé díolta. I ndiaidh dó a chuid airgid a fháil bhain Den na bonnaí as agus lúchair an domhain air. Jimmí Antoin (Iascaire).
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3