Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 13 Cha raibh fágtha aige ach an dá dhosaen, thug sé aghaidh ar Charraig Airt agus dheamhan i bhfad go raibh siad sin díolta fosta. Ag Díol as Baile. Nuair a bhí Den sé nó seacht mbliana déag b’iomaí oíche a luigh sé ar na rópaí ar an chéidh agus é ag fanacht leis na bádaí a theacht isteach ó iascaireacht na scadán. Bhíodh sé ar shiúl ansin de shiúl cos, luath ar maidin, ar fud an cheantair agus taobh amuigh den cheantair ag díol a mhalach. Thógfadh asal agus cléibh corradh agus fiche dosaen, sin bascaed go leith de scadáin. Ba mhinic a shiúl sé go Baile na nGallóglach, amach go Gabhlán (Golan), lá eile siar go bun na Mucaise nó trasna go Fánaid. Théadh sé go Fánaid ar an bhád farantóireachta (ferry) as Ramhros. Ba chuimhin leis é fhéin agus Eddie Den Dhoní a dhul trasna lá amháin le dhá asal agus cléibh leofa. Deir Den gurb é an fear deireanach atá beo a chuaigh go Fánaid ar an bhád farantóireachta le dhá asal agus cléibh. Na Mc Elhinney’s a reáchtáil an bád agus ba ghirseach óg nach raibh mórán le ceithre bliana déag a bhíodh ar na rámhái, ba seo Ruby duine de theaghlach Mhic Elhinney. Is Ruby Mc Cloy anois í agus í beo go fóill i Rath Mealtáin. (Tá scéal Ruby agus an bád farantóireachta in eagrán eile de Ghuth Ghoill). Ba iomramh mhasla a bhí ann d’fhear nó do bhean mar go raibh cuid mhór sruthanna (currents) sa chainéal farraige idir Ramhros agus Fánaid agus cha raibh i Ruby ach girseach óg san am sin. Dar ndóighe bhíodh na h-asail ar crith le heagla le linn dóibh a bheith a dtarraingt isteach ar an bhád. Dhíol sé scadáin ar fud leithinis Fhánada. Fuair sé scanradh oíche amháin ar bhealach Loch ‘s Alt. Chríochnaigh sé suas mall san oíche ar an Ghabhlán agus shiúil sé isteach bealach an locha. Bhí oíche dhorcha ann agus casadh fear dó ar an bhealach. Char labhair an fear ach sheas sé i ndiaidh do Den siúl thairis agus choimhead sé Den go deachaigh sé i bhfolach sa dorchadas. Bhain sé an croí as Den. Thaitin an obair go mór leis ach bhí siúlta fada ann agus bhí ort a bheith ar shiúl luath ar maidin agus cha raibh barúil agat cén t-am den oíche a mbeifeá ar ais. Chuir daoine fáilte mhór roimhe agus roimh na scadáin ach mar a dúirt sé cheana fhéin bhí drocham amach ann agus chan ag chuile dhuine a bhí na traidhfil pingeacha le cúpla scadán a cheannacht ach char fhág Den duine ar bith ar an ghannchuid ar mhaithe le traidhfil pingineacha. Ag Iascaireacht. Chaith Den tréimhsí ag iascaireacht fosta. Ba ghnách leis a bheith ag iascaireacht le Chéarlaí John Nochaí (Mac Giolla Chearra) fá na Dúnaibh agus siar fá Chionn Caslach agus ar an Bhun Bheag. Ansin nuair a fuair Chéarlaí an bád úr, an ‘Ros na Cille’ cheannaigh Den an seanbhád uaidh, an ‘Naomh Riach’. Chuaigh sé fhéin, John Bhoy agus Paidí Phaidí a’ Seo an bhean, Ruby McCloy, a thug Den agus Eddie Den Dhoní, asail agus cléibh trasna ar an bhád farantóireachta nuair a bhí sí ina cailín Og.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3