Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 14 Buaidhe ag iascaireacht uirthi. Bhí siad ag iascaireacht sa bháighe lá amháin agus fuair siad cor mór de sciataí (skate), bhí an oiread sin acu sna heangacha gurbh éigean dóibh na heangacha a tharaingt isteach ‘na céidhe i ndiaidh an bháid. Bhí 20 bosca de sciata sna hean- gacha. Chuir Paidí Mhicí Eoin (Ó Gallchóir), a bhí ag obair le B.I.M ag an am, iad ar shiúl go dtí an margadh i mBaile Átha Cliath dóibh. Ach char mhair an iascaireacht rófhada, thosaigh an bád ag tógáil uisce agus ba sin deireadh. Veain Úr. I ndiaidh tréimhse de bhlianta a bheith caite aige ag caitséireacht agus é óg go leor ag an am, mhol John Friel, fear an gharáiste ar an Chraoslach, do Den gur cheart dó veain beag a cheannacht agus go raibh ceann aige a bheadh breá fóirsteanach dó. Cha raibh mórán suime ag Den veain a fháil mar go bhfaca sé deacrachtaí go leor le bheith ag íoc ar ais luach veain agus lena chois sin go mbeadh aige le peitreal a choinneáil léithe. Ach dúirt John Friel leis go dtiocfaí íoc ar ais as an veain de réir mar a bhíodh sé ag saothrú agus nach gcuirfí brú ar bith air. Thug sé Den go dtí an banc i Leitir Ceanainn agus ghlac Den leis na socruithe de thairbhe gur shíl sé iad a bheith thar a bheith réasúnta. Is cinnte go bhfaca John Friel fear nach raibh sásta suí ar a thóin ag dúil go dtiocfadh an obair chuige agus ar an dóigh sin bhí sé breá sásta téarmaí a thabhairt dó a d’oirfeadh dó. Ach mar a dúirt Den go minic cha raibh a dhath fán áit ach léan, leatrom agus imirce agus char éalaigh duine ar bith uaidh. ‘Sé an deacracht ba mhó a bhí aige leis an veain ná nach raibh an t-airgead aige i gcónaí le peitreal a chur inti agus gur mhinic a shuigh sí ar an tsráid de thairbhe sin agus gur mhinic a bhíodh sé ag brath ar phinsean a athar le galún peitreal a cheannacht. Feabhas de réir a chéile. Cé go raibh an feabhas i gcúrsaí eacnamaíochta na tíre mall ag teacht tháinig sé de réir a chéile. Cha raibh daoine ag brath an oiread sin ar scadáin mar a bhíodh siad na blianta roimhe sin cé nár chaill daoine ariamh, a raibh cleachtadh acu orthu, blas iontach na scadán rósta. Chaith sé tréimhse fada ag díol na scadán as an veain fosta agus chaith Den William Sheáin tréimhse fada ag dul thart leis ach dár ndóigh ba ghnách le lear daoine eile a dhul thart fosta ó am go ham, thart leis fá choinne an ‘run’ mar gur chuideachta mhaith a bhí ann agus bheadh neart grinn agus craic ar feadh an lae fosta. Ach bhí saol na h-iascaireachta ag athrú, cha raibh na scadáin chomh fairsing agus ba ghnách leo a bheith, cha raibh sé de nós acu fanacht rófhada san áit amháin! Ach bhí Den ábalta a dhul níos faide ó bhaile fána gcoinne. Chuaigh sé rith an bhealaigh go Muigheó am amháin agus thug leis veain iomlán de scadáin ‘na bhaile. Lena chois sin ba ghnách leis anois a bheith ag ceannacht ó veaineanna a bhíodh thart ag díol iasc fosta. Bhí áit aige taobh a’ tí ina raibh domhainreoiteoir (deep freeze) agus seomra fuarthóra (chill room) agus d’fhág sin go raibh dóigh air anois na héisc a fhilléadú (fillet) agus a choinneáil úr agus iad a dhíol mar ba mhian leis. Bhí éagsúlacht mhór d’éisc a cheannacht aige anois, thug an domhainreoiteoir an deis dó seo a dhéanamh – trosc (cod), cadóg (haddock), faoitín (whiting), sól (sole), leathóg (plaice), turbard (turbot), colmóir (hake) agus dár ndóigh cha dtig dearmad a dhéanamh den bhradán.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3