Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 15 Sna Cealla Beaga. Nuair a thosaigh Den a dhul ‘na Cealla Beaga le héisc a cheannacht rinne sé ceangal le fear ansin a cheannaigh a chuid iasc do agus a d’amharc i ndiaidh a chuid iasc. Char bhac Den leis an mhargadh éisc ar an chéidhe mar d’fhéadfadh sé tarlú go minic nach mbeadh an cineál éisc a bheadh a dhíth air le fáil ansin agus mar sin de ba sin an tábhacht a bhíodh leis an cheannaitheoir a bhí aige. Chuirfeadh Den isteach a ordú Dé Luain agus bhíodh sé réidh aige do Den ar an Chéadaoin. An lá a mbíodh Den ag dul ‘na gCealla bhíodh sé ar shiúl ag a 6 a chlog ar maidin le bheith ansin nuair a d’osclódh na monarchana éisc. Ba ghnách le trálaer mór iascaireachta de chuid na Sasana a theacht isteach go Ráth Maoláin anois agus arís fosta, chuir Den aithne orthu agus ba ghnách leis malach maith den chuid is fearr d’éisc a cheannacht uafa. Cibé uair a thiocfadh siad isteach chuirfeadh siad scairt air. Fuair sé scairt uafa oíche amháin agus é ar an bhealach as Cionn Caslach agus ar aghaidh leis síos go Rath Maoláin. Fuair sé líon mór de thurbaid uafa agus éisc de chineáil eile ach leag Den a shúil ar iasc mór eile a bhí leofa; halibut a bhí ann agus bhí sé fád an veain, bhí an halibut seo ar an cheann ba mhó dá bhfaca Den ariamh. Shocraigh Den go gceannódh sé é. D’éirigh leo, le buaireamh, é a fháil isteach ar chúl an veain. Ghearr Den é ina phíosaí ar maidin, bhí rópa mór aige air agus rinne sé é a tharraingt ‘un tosaigh de réir mar bhí sé a ghearradh. Dhíol sé é ina phíosai leis na hÓstáin agus rinne sé pingin mhaith mhór ar an halibut céanna. Monarcha Úr. Rinne Den forbairt mhór ina ghnó agus mar bharr ar a chuid oibre d’oscail sé monarchan éisc thíos san áit a raibh cónaí air ina óige. Monarchan éisc den scoth a bhí ann agus bhí siopa ann chomh maith. Ba ghnách le cuid mhór daoine a bheith ag tarraingt ar an tsiopa agus go minic chuirfeadh da- oine isteach ordaithe. Ach sin agus eile bhí a fhios ag Den gurbh iad na hÓstáin a chuidigh go mór leis san fhorbairt a rinne sé agus cha raibh sé chun faillí a dhéanamh iontu. D’fhreastal sé agus thug sé seirbhís mhaith dÓstáin na Halibut. Líonfadh an t - iasc seo an bolg do scaifte mór daoine! Den os comhair a mhonarchan úir.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3