Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 16 Contae, ó na Dúnaibh siar iarthar na Contae, Baile Dhún na nGall, Bun Dobhráin, Sligeach, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn agus ansin Inis Eoghain. Cha raibh mórán coirnéil fán Chontae nár dhíol sé éisc iontu. Bradán ar Leathshúil. Thosaigh Den a cheannacht bradán fos- ta. Bhí na hiascairí sa Chaisleán Nua (Greencastle) ag lorg ceannaitheora agus dúirt Den leofa go gceannódh sé uafa. Bhí timpeall is fiche trálaer ina iomlán ag iascaireacht bradán sa Chaisleán Nua agus ba Den an ceannaitheoir a bhí acu, rud a chiallaigh go raibh sé ag cur ar shiúl an-chuid bradán le linn séasúr na mbradán agus dar ndóigh chuidigh seo go mór lena ghnó. Tá sé iontach tábhachtach nuair a bhíonn tú ag cur bradáin ‘na mhargaidh nach mbíonn damáiste ar bith déanta daofa agus go n- amharcann siad i mbarr a maitheasa. ‘Sé an rud a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn bradáin i bhfostú san eangach amuigh san fharraige ná go mbíonn cuid den bhradán le feiceáil os cionn an uisce agus bhéarann seo deis do na héanacha a bheith ag piocadh orthu agus thig leo neart damáiste a dhéanamh. Bhí bradán breá dhá phunta dhéag ag Den ach cha raibh sé ábalta é a chur ar shiúl ‘na mhargaidh mar go raibh ceann de na súile pioctha as ag na héanacha. Chaithfí rud inteacht a dhéanamh fá seo! Ba ghnách le Den a bheith ar an chéidh luath ar maidin nuair a bhíodh na bádaí ag teacht isteach agus go minic chaithfeadh siad éisc amach ar an chéidh nach mbeadh a dhíth orthu. An mhaidin seo thóg Den trosc breá a bhí caite ar an chéidh agus thug sé é leis ‘na bhaile. Fuair sé amach an bradán a bhí ar leathshúil agus chuir sé súil an troisc isteach ann agus dá réir a chuid cainte fhéin rinne sé cóiriú thart ar an tsúil den chineál a mbeadh dochtúir ar bith bródúil as. Cuireadh an bradán ‘na mhargaidh agus sin a raibh de sin. Cáit. D’ oibrigh Den thar a bheith dícheallach ina lá ach is fíor agus is cinnte a rá gur oibrigh a bhean Cáit, go ndéana Dia a mhaith uirthi, gach pioc comh dícheallach. Ba ghnách le Cait cuid mhaith den fhilléadú (filleting) a dhéanamh fosta sna chéad bhlianta. Sa bhliain 1968 fuair siad Oifig Poist na nDúnaibh le reáchtáil agus chomh maith le sin chuaigh siad i mbun lóistín agus bricfeasta agus rinne Cáit na gnóanna seo a reáchtáil go díograiseach agus go héifeachtach. Bhí siad i mbun Oifig Poist na nDúnaibh ar feadh dhaichead bliain. Fuair Cáit bás sa bhliain 2017. Cursaí Peile. Bhí suim ag Den i gcónaí i gcúrsaí Comórtas Peile na Gaeltachta i nGaillimh 1981
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3