Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 17 peile. Mar a fheicfeas tú ón ghearrthóg (cutting) as an Donegal People’s Press 1958 b’é Den a bhí ina mholtóir ar an chluiche idir Gaoth Dobhair agus Seán Mac Cumhaill i Machaire Gathláin. Chaith sé traidhfil blianta ag moltóireacht agus dar ndóigh níorbh sin an phost ab fhurasta i CLG, fiú go fóill. Roghnaíodh Den mar chathaoirleach ar CLG Na nDúnaibh sa bhliain 1980 agus bhí sé sa phost sin go dtí an bhliain 1986. Chonaic sé, mar chathaoirleach, na blianta ab fhearr a bhí ag na Dúnaibh ar pháirc na himeartha. Bhain na Dúnaibh dhá chomórtas Sóisir i gComórtas Peile na Gaeltachta (’81 agus ’82) agus an comórtas Sinsir i 1983. Ba seo an chéad chomórtas Sinsir agus an ceann deireanach a bhain foireann na nDúnaibh. Ba Den a bhí mar chathaoirleach ar an chumann fosta nuair a tógadh Ionad CLG na nDúnaibh agus bhí ról lárnach aige sa chrannchur a bhí againn leis an Ionad seo a thógáil. Ar a Sháimhín Só Cé go ndéanann Den a bhean chéile Cáit a chrothnú go mór, tá sé ina shuí go seascair sásta ina theach i nGorta Móra agus é i ndiaidh ceiliúradh a dhéanamh cúpla mí ó shin ar bhreithlá 90 bliain. I lar na nóchaidí bhí obráid mhór (operation) ag Den ar a chroí a d’fhág é díomhaoin ar feadh tréimhse ama ach chomh luath agus mhothaigh sé biseach ag teacht air fhéin chuaigh sé i mbun a ghnó arís — ag obair chomh dícheallach agus bhí sé ariamh. Is cinnte go dtig le Den a rá go fírinneach nár mharaigh obair chruaidh fear ar bith ariamh. Tá sé ina chuideachta iontach agus cuimhne den chuid is fearr aige ar eachtraí agus ar imeachtaí a thit amach na blianta ó shin le linn a óige agus fonn mór air iad a rann le duine ar bith a bhfuil fonn éisteachta orthu. Tá Guth Ghoill iontach buíoch dó gur lig sé muid isteach ina shaol. Cha raibh an greann ná an cur i gcéill ariamh rófhada óna intinn agus níl go fóill. Go bhfeice sé an céad agus tuilleadh. 1983. An chéad chorn sinsir a bhain foireann na nDúnaibh ariamh. Ó chlé—Donchadh Ó Buaidhe, Pádraig Ó Bródlaigh, Den, Antoin Mac Eiteagáin (le Corn Mhic Eiteagáin), Míchéal Ó Dochartaigh & Con Ó Buaidhe
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3