Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 18 Litreacha na Nollag Cha dtugann fear an phoist cuairt orainn anseo chomh minic na laethanta seo agus a ba ghnáth leis. Is dócha go mbíonn daoine i dteagmháil lena chéile ar dhóigheanna eile cosúil le ríomhphost, fón, téacs agus a leithéidí agus nach bhfuil gá le litreacha níos mó. An t - aon am sa bhliain a bhfuil dúil agam fear an phoist a fheiceáil ag teacht ’ na tí ná ag an Nollaig. Tá rud inteacht galánta agus ríoga ar dhóigh faoi, daoine ag rá linn go bhfuil siad ag smaoiteamh orainn agus muidne ag rá leo go gcronaíonn muid iad ag an am sin den bhliain. Cé nach mbíonn barraíocht litreacha leis na cártaí a thagann anois, coinníonn siad daoine inár gcuimhne nár smaoitigh muid orthu, bfhéidir le bliain, ón Nollaig roimhe sin. Bhí am ann, agus níl sé an fhad sin siar uainn, nuair a tháinig Dinny Éamoinn thart ar an taobh thoir againn agus mála lán de litreacha na Nollag leis. Sin an t - am sa bhliain a smaoitigh daoine ar an bhaile, go háirithe iad siúd a bhí ar imirce. B ’ fhéidir gur sin an t - aon litir sa bhliain a fuair teaghlach óna muintir i Meiriceá nó i Sasana agus bhí sí le léamh arís agus arís eile ag achan duine sa teaghlach le bheith cinnte go raibh an nuacht uilig ar bharr a dteanga acu. Ceann de na litreacha seo a raibh mise ag feitheamh go mór léí amach ansin ná an ceann a fuair mé ó Mhadgie Bhiddy Boyce nó m ’ aintín Madgie a bhí ina cónaí san Astráil. Sula deachaigh sí amach ansin, chaith sí seal i Sasana sna WAAFs (Women's Auxiliary Air Force) i rith an darna cogadh domhanda agus ag deireadh na gcaogaidí thug sí a haghaidh ar an Astráil. Cha raibh an táille ach deich bpunt ag an am. Bhí thart ar thrí seachtaine de thuras ar bhád le déanamh aici agus í léi féin ag dul go tír choimhthíoch. Char inis sí barraíocht dúinn fán saol a bhí aici amuigh ann cé gur scríobh sí achan Nollaig, ar a laghad, chuig a cuid deirfiúracha, mo mháthair agus Nellie i Londain. Chuir sí pictiúir chucu go minic do na háiteanna galánta ar thug sí fhéin cuairt orthu ach bhí sé soiléir go raibh uaigneas uirthi don bhaile Madgie Bhiddy Boyce

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3