Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 19 agus briseadh croí uirthi mar go raibh sí i gcónaí ag fiafraí fá achan duine fán áit. I gceann de na litreacha deireanacha a chur sí chugam féin, chuir sí cóipeanna de na pictiúir a ghlac sí féin sular imigh sí, de chuid dá cairde i nDún Dubháin, i nGlinsce - bhí cónaí ar mo mhuintir i bhFánaid ar feadh tamaill – agus i gCluain tSaileach. D ’ inis sí dom gur dearnadh slad ar na málaí nuair a bhí sí ar an bhád agus gur chaill sí go leor dá cuid pictiúir agus earraí pearsanta. Ceann de na pictiúir a chur sí chugam ná pictiúir dá máthair mhór agus mo shin - sheanmháthair Biddy Bhiddy Boyce. B ’ as Dumhaigh di agus phós sí Mánus Bán (Mac Giolla Bhríde) as Dún Dubháin. Bhí seisear clainne acu agus ina measc bhí m ’ athair mór John Bhiddy Boyce. Nuair a fuair bean John, Sophie Coyle ón Raplach, bás i 1922, chuaigh sé go Meiriceá agus ar feadh na mblianta a bhí sé ann, thit sé ar a mháthair, Biddy Bhiddy Boyce, amharc i ndiaidh na bpáistí dó, rud a rinne sí le díograis. Bhí mac eile ag Biddy darbh ainm James agus bhí cónaí airsean sa teach leofa fosta. Bhí James ina shaighdiúir sa chéad chogadh domhanda agus de réir chosúlachta, tugadh an ‘ Saighdiúir ’ air ina dhiaidh sin. Chonaic James barraíocht d ’ olcas an tsaoil agus é ag troid ar an Western Front agus sna Dardanelles agus nuair a tháinig sé ar ais i ndiaidh an chogaidh bhí sé soiléir, cosúil le go leor saighdiúirí eile, nárbh é an duine céanna a tháinig ar ais chuig a mhuintir. Cé go raibh an saol athraithe go mór do James, bhí tréith amháin dá chuid nár athraigh agus sé sin, a chineáltas. Labhair mo mháthair i gcónaí faoin cheangal a bhí aici leis agus tá sé soiléir dom go raibh meas agus grá aici agus ag an teaghlach uilig air agus dó, níos mó ná mar a bhí acu ar a n - athair. Chaith James toitíní, cosúil le achan fhear eile ag an am, agus sna bocsaí toitíní sin bhí pictiúir de réaltaí scannáin. Bhí earraí le fail ar na pictiúir seo agus shocraigh Madgie ar iad a chruinniú agus Biddy Bhiddy Boyce An Teach Cónaí i nDún Dúbháin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3