Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 2 • Coirnéal Nan 2 • Muintir John Eoin (Clann Uí Luodhóg) 6 • Litreacha na Nollag 18 • Na Mummers 21 • Seoladh Leabhar Shéamúis Mhic a Bháird 30 • Féile Chéim Aniar 2019 32 • An Nollaig ar Bhóithrín na Smaointe 34 hí mé ag insint daoibh fán drocham a thug Nellie do Chondaí nuair a bhí sé ag obair sa tsiopa di. Bean chiapánta, chonfach, chrosta a bhí i Nellie. Char phós sí ariamh agus le bheith ionraice fán rud char chuir sin iontas ar dhuine ar bith. Bhí a teanga chomh géar searbh sin go raibh sé ráite fá dtaobh di go leáfadh sí siocán bán áit ar bith a raibh a glór le cluinstin. Ó mo chéad chuimhne di is seanbhean le cruit a bhí inti leis na roicne doibhne ar a leicne agus char athraigh sí a dhath ón lá sin go dtí ’ n lá a d ’ fhág mé slán leis na gleanntáin ghlasa. Má bhí a leithéid de rud is saibhreas i nGaoth Dóbhair an t - am sin is ag Nellie a bhí sé. Bhí an siopa is mó sa pharóiste aici agus cha raibh teaghlach fán áit nach dearn gnó de shórt éigin le Nellie. Dhíolfadh na fir prátaí agus olann léi agus dhíolfadh na mná uibheacha agus im léi. Ba mhinic a chuaigh muid na scoile agus arán tur linn de thairbhe an ime a bheith tugtha do Nellie. Le scéal fada a dhéanamh gairid bhí sé ráite gur chaith Nellie leath na hoíche achan oíche ag cuntas a cuid airgid. Níl a fhios agam cad é a rinne sí leis an airgead mar thig libh a bheith cinnte de rud amháin char chaith sí pingin rua de
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3