Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 20 chuir sí a súil ar cheamara a fháil dí féin. Chruinnigh sí na pictiúir seo, cuid acu óna huncail James agus an chuid eile ó dhuine ar bith eile thart a chaith toitíní agus a bhí toilteanach iad a choinneáil di. D ’ inis sí dom go raibh cúig phaca le cruinniú aici agus in achan phaca bhí caoga pictiúir. Anois, sin lear toitíní a bhí le caitheamh thart fán cheantar, cha ndeirim a thuilleadh faoi sin. Chuir mé ceist ar Mhadgie faoin cheamara, agus an bhfuil fhios agat, nár choinnigh sí é i rith na mblianta a bhí sí san Astráil agus chuir sí pictiúr de chugam leis an mhála a bhí leis agus nach raibh an bláth, Cactas na Nollag, sa phictiúr ag a thaobh. Tháinig an ceamara sin isteach úsáideach do Mhadgie agus chuidigh sé liom féin gné beag den am atá thart a thuiscint. Cuidíonn an pictiúr liom cineál aithne a bheith agam ar Bhiddy Biddy Boyce mar go raibh sí marbh le blianta sular rugadh mise. Chuaigh James Bhiddy Boyce ar imirce go hAlbain agus is ann a fuair sé bás. Fuair Madgie bás san Astráil cúpla bliain ó shin agus í os cionn deich mbliana agus ceithre fichid bliain d ’ aois, tá súil agam nach raibh sí léi féin. Bheinn buíoch dá bhfaighinn litir ag am ar bith den bhliain anois. - Fia Ann
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3