Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 21 Scéal as Inbhear. I Samhradh na bliana 1980 d’fhág Brian Mac Lochlainn (Bernard Bhrianaí) as Baile na Deora slán ag Ros Goill agus chuaigh sé fhéin, a bhean chéile agus a chlann a chónaí in Inbhear i ndeisceart na Contae. Bhí lúchair orainn cluinstin uaidh ansin le goirid agus chuir sé alt fada, corradh agus ceithre mhíle dhéag focal, chugainn faoi na Mummers agus a macasamhail, chan amháin in Éirinn, ach fríd an domhan uile. Bhí sé soiléir go raibh an-chuid taighde déanta aige ar an ábhar seo agus rinne sé cur síos ar dhreamanna in Éirinn agus thar lear – Lá an Dreoilín, The Straw Boys, Wexford Mummers, Armagh Rhymers agus sa Bhreatain – na Morris Dancers, Southport Mummers, The Bothy Folk Group, Cod-End Mummers ( Fleetwood), The Furness Play agus rinne sé cur síos ar a leithéidí seo de ghrúpaí san Norbhuaidh, sa tSualainn agus sa Danmharg agus i go leor áiteacha eile. Ins an phíosa seo i nGuth Ghoill déanann sé cur síos ar a chuimhní fhéin le linn dó a bheith amuigh sna Mummers anseo i Ros Goill. Dar ndóigh nuair a chuaigh sé go hInbhear rinne sé an traidisiún a athbheochan ansin agus bhí siad amuigh sna mummers ó 1982 ar aghaidh ar feadh deich mbliana. Ach fuair an grúpa an scairt arís i 2001 ón sagart paróiste, áit a raibh an Teach Pobail le péinteáil agus bhí airgead a dhíth. Seo cúpla bhéarsa de rann a scríobh sé fhéin don ócáid seo i 2001, tá meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla ann: On a Saturday i Mí na Nollag zero one Twas Lá Féile an Immaculate Conception. Seamus asked me, I asked the others Why not revive the Fianna Mummers. Joe agus Mc Grory were first to agree Then ‘’Cinnte’ says Willie, Jimmy and me. Antoin as Ceatharlach did his bit Bhí muid réidh, we had a script. Fir chróga from Frosses and Tamhnach a’tSalainn Were helped along by the young and musical Quinn. Drimarone, buíochas duit and to wee Gerry From Ardaghy tháinig Ó Domhnaill and me.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3