Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 22 An Seansaol Deir an seanfhocal go n-imíonn na daoine ach go bhfanann na cnoic. Ach chomh maith le h-imeacht na ndaoine, imíonn a gcuid scéalta, a gcuid nósanna agus a gcleachtaithe. Le gach glún a fhaigheann bás, cailltear cuid den chultúr a bhain leo. Bhí agus tá a lán nósanna agus traidisiúin ar fud na hÉireann agus go fiú ar fud an domhain mhóir a théann siar i bhfad i mblianta agus i gcéadta de bhlianta. Bhí an nós ann uair amháin go mbíodh aifrinn á léamh sna tithe agus go mbíodh máisiúin sna tithe pobail nó ‘sna séipéil mar a bhéarann cuid de na daoine orthu. Tá an nós sin, nó an chuid is mó de, chóir a bheith imithe sa lá atá inniu ann. Bhí tradisiún ag na hAlbanaigh nó na Protastúnaigh, ‘sé sin nach bhfeicfidh taobh amuigh dá dtithe cónaithe iad ar an Domhnach ach amháin dá mbeadh siad ag dul chuig seirbhís. Cha raibh cead ag daoine pósadh nó cha raibh cead damhsaí a reáchtáil sna hallaí i rith an Charghais. Sa tseanam fosta bhíodh meitheal iontach coitianta i ngach cearn d’Eirinn le cabhrú le chéile obair na feirme a dhéanamh. Ar an drochuair tá dearmad agus neamairt á dhéanamh ar a lán acu sin anois. Ach sin ráite, cé gur imigh go leor de na sean-nósanna agus na sean-dóigheanna a tháinig anuas fríd na daoine ó ghlún go glún, d’fhan go leor de na nósanna agus de na tradisiúin beo i measc mhuintir na tíre seo. Imrítear cluiche áirithe ar Innis Oir, ceann d’oileáin Árainn na Gaillimhe agus an t -oileán is cóngaraí do Chondae an Chláir agus ‘sé ‘caide’ ainm an chluiche seo agus deirtear go bhfuil sé á imirt ann leis na cianta. Is cluiche simplí go leor é. Bíonn bata beag ina luí ar chloch le ceann an bhata ag gobadh amach, buailtear ceann amháin den bhata le bata eile, sciobann an chéad bhata san aer agus buailtear é sin leis an darna bata chomh fada agus is féidir. Bíonn an bhuaidh ag an té a bhuaileann a bhata níos faide ná duine ar bith eile. Tá tradisiún nó cluiche eile i gCorcaigh agus in Ard Mhacha. Boule an tainm atá ar an chluiche seo. Caitear liathróid iarainn, atá thart fá mhéid uibhe, idir poinnte A agus poinnte B ar an bhealach mhór. Bíonn an bhuaidh ag an té a shroicheann poinnte B leis an méid is lú iarrachta. Tá an cluiche seo rud beag cosúil leis An Poc Fada a imrítear i leithinis Chuailgne i gCondae Lú. Sa chluiche seo úsáidtear camán agus sliotar agus imrítear é thar chaoráin agus thar chnoic in áit imirt ar an bhealach mhór. Na Mummers. D’fhan tradisiún nó nós eile beo i measc na ndaoine anseo in Éirinn,‘sé sin na Mummers. Bhí agus tá an tradisiún seo beo in áiteacha éagsúla ar fud na

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3