Guth Ghoill, Eagrán 65

Eagrán 65 Nollaig 2019 23 hÉireann go dtí an lá atá inniu ann agus tá saghasanna áirithe de beo in áiteacha go leor ar fud an domhain mhóir. Chan mar a gcéanna atá an cur i láthair, an smeideadh nó an t-aicsean dramatúil ó áit go háit nó ó thír go tír ach do réir dealraimh ‘sé an téama céanna, chóira bheith, atá ag rith fríd achan cheann acu, ‘sé sin troid, marú, aiséirí agus maithiúnas. Bíonn grúpaí fear ag dul ó theach go teach i rith aimsir na Nollag ag cur dráma beag ar siúl sna tithe. Bíonn siad gléasta go neamh- choitianta agus lorgaíonn siad déirc in achán teach a dtéann siad isteach ann. Ach le h-imeacht na mblianta agus le cleachtaithe an tsaibhris agus tionchar na teilifíse tháinig meath mór ar an tradisiún seo agus tá rud beag eagla orm go bhfuil an bás in ndán dó. Ar dhóigh amháin bhí an t-ádh dearg orm féin gur rugadh mé in áit agus in aois ina raibh an tradisiún seo beo beitheach ann. Tá mé chun cuntas a thabhairt ar an nós seo agus ar an saol a bhí agam féin mar Mummer. D’fheadfaí a rá go raibh nasc leis an tradisiún seo i mo chuid fola san am chéanna is a bhí Santa Claus agus chan sin inniu nó inné. Spreag na Mummers mé sa dóigh go raibh mé ábalta páirteanna éagsúla a ghlacadh i ndrámaí difriúla níos faide amach i mo shaol. Mar stócach óg thug na Mummers uchtach agus misneach domh a bheith ábalta seasamh suas domh féin agus gan a bheith cúthalach nó faiteach. Mummers le linn m’Óige. Ó mo chuimhne ba ghnách le grúpa Mummers a theacht go dtí an teach s’againne i mBaile na Deora achan bhliain i dtrátha na Nollag. Bhíodh muid i gcónaí ag dréim leo am ar bith ó thús mhí na Nollag agus ag fanacht go foighneach leo. Dá dtiocfadh siad mall san oíche agus muid inár gcodladh thógfadh mo mháthair aníos as na leapacha muid go bhfeicfeadh muid an taispeántas iontach seo. Go min minic ba ghrúpa áitiúil iad agus bhí sé furasta na glórthaí éagsúla a aithint. Bhíodh siad gléasta go neamhchoitianta. Bhí hataí móra arda orthu a bhí maisithe le paipéar daite de chácaí Nollag agus bhí ribíní crochta ó na hataí lena n-aghaidheanna a chlúdach. Bhíodh léine mhór fhada orthu síos go dtí na glúine, crios thart fán bholg agus claíomh síos lena dtaobh. De ghnáth ba dath geal a bhí ar an léine, dath dubh ar an chrios leathan agus bhí an claíomhdéanta as piosa adhmaid nach raibh de dhíth. Tá Baile na Deora suite ar an taobh thoir de leithinis Ros Goill thart fá thrí mhíle ó na Dúnaibh. Cha raibh sa bhaile fearainn UTV ag déanamh scannán le Mummers Inbhir don chlár ‘ Lesser Spotted Ulster ’.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3