Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 24 sna caogadaí ach ceithre theach ach tá a dhá oiread sin ann anois. Mummers bheaga a bhí ar na buic seo mar gur ghasúraí óga idir an bhliain déag agus sé bliana déag a bhí iontu. Ba as an cheantar áitiúil iadsan. Ach corruair thiocfadh grúpaí ón Uachtar agus ó Fhánaid ar cuairt agus ba mhinic gur Mummers mhóra a bhíodh iontusan. Bhí na grúpaí seo níos proifisiúnta agus níos slachtmhara agus fios a ngnoithe acu. Bhíodh na taispeántais seo mar chúis cainte ar an scoil lá arna mhárach agusbheadh muid ag maíomh (boasting) gur aithin muid na pearsain uilig a bhí sna grúpaí . Sna Mummers don chéad uair. Mhúscail an dráma Nollag seo spreagadh ionam fhéin agus bhí mé ag fanacht go mór leis an lá go mbeinn fhéin ábalta dhul amach sna Mummers. Ar deireadh thiar thall tháinig an lá sin. Ag tús mí na Nollag 1962 tháinig baicle gasúraí le chéile ag am lón i seanscoil Mhíobhuí agus an plean a bhí againn ná grúpa a chur le chéile le dhul amach an bhlian sin agus bhí mé féin ina measc agus nach orm a bhí an lúchair. Bhí na ranna againn agus piocadh mise mar ‘Room Room’. Rith mé ‘na bhaile i ndiaidh am scoile agus chruinnigh mé na nithe uilig a bhí ag teastáil fá choinne hata a dhéanamh, sé sin píosaí caola saileoige, éadach bán, piosaí sreanga agus snáthad agus na maisiúcháin ó na cácaí milse. Cha raibh i bhfad go raibh an hata curtha le chéile ag mo mháthair agus chuidigh m’athair liom an claíomh a dhéanamh. Bhí léine mhór gheal agus beilt dhubh a cuireadh chugainn ó Mherica ar fáil fosta. Anois bhí mé gléasta mar Mummer agus thosaigh mé ag foghlain an rann ‘RoomRoom’. Seo leanas é: Room, room me gallant boys and give us room to rhyme To show you some activity around this Christmas Time Active you than active age Pictiúr de Mummers Inbhir. Tá Bernard ar an dara duine ó thaobh na láimhe deise.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3