Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 25 The like of this was never acted upon a stage And if you don’t believe what i say Enter in King George and he’ll soon clear the way Bhí sé mar dhualgas ormsa cnag a bhualadh ar an doras agus scairteadh amach ‘Any admittance for the Mummers’ nó siúl díreach isteach ar urlár na cisteanadh agus toiseacht mo rann a rá. Bhí seo ag réiteach an bhealaigh don dream a bhí ag teacht i mo dhiaidh. Bhí Na Mummers ar na bonnaí agus muid réidh le dhul amach oíche Dé hAoine. Bhí seisear uilig sa ghrúpa, cúigear as thart fá Bhaile na Deora agus fear eile as an Mheall Mhór. Anois bhí muid ábalta fir a thabhairt orainn fhéin! Shocraigh muid a theacht le chéile sa teach s’againne ar a h -ocht oíche Dé hAoine. Bhí an ghealach amuigh agus an spéir glan gan néal. Rinne muid na tithe uilig a bhí thart orainn agus thug muid ár n-aghaidh ar an Mheall Mhór. Bhí madaí ag tathaint agus tachráin óga scanraithe agus ag caoineadh ach bhí lúchair ar na daoine fásta muid a fheiceáil. Thug achan teach déirc éagsúil dúinn -- brioscaí, milseáin, úlla agus oráistí agus fiú daoine a thug 6d agus scilling dúinn. Bhí fear amháin i gceannas an airgid agus ag deireadh na hoíche bhí a phócaí trom go leor. D’ith muid na brioscaí srl is muid ag dul ó theach go teach agus bhí an bolg lán ag deireadh na hoíche ach bhí ár bpócaí lán de bhruscar brioscaí agus de cháca milis fosta. Ba é teach fhear an Mhill Mhóir an teach deireanach a rinne muid. D’ól muid té, roinn muid an t- airgead agus bhain muid na bonnaí as ‘na bhaile. Bhí muid breá sásta ar an bhealach ‘na bhaile mar go raibh pingeacha inár bpócaí agus shocraigh muid a dhul amach arís oíche Nollaig go dtí na tithe ósta sna Dúnaibh. San am sin cha raibh Aifreann méan oíche ar oíche Nollaig i mo pharóiste agus mar sin cha raibh deifir ‘na bhaile ar na daoine a bhí sna tithe ósta. Chruinnigh muid le chéile sa teach s’againne thart fán seacht a chlog, d’ól muid tae, ghléas muid agus bhí muid ar an bhealach arís. Rinne muid neart tithe ar an bhealach siar go dtí Na Dúnaibh, áit ar shroich muid thart fán deich a chlog. Bhí na tithe ósta lán go béal mar gur ghnáth le bunadh na h-áite a bhí thall ag obair in Albain, m’athair féin ina measc, a theacht na bhaile don Nollaig. Is maith a bhí fhios againn sin agus go mbeadh neart pingeacha le spáráil fá na pócaí fosta. Mar a deir an seanfhocal ‘is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ ach taispéanadh dúinn an oíche sin nach féar glas a bhíonn i gcónaí ag fás orthu. Bhí an oired sin callán sa chéad teach ósta nár chuala duine ar bith muid agus, go cinnte, chan fhaca duine ar bith muid. Bhí muid ag siúl amach an doras i ndiaidh na ranna a rá agus gan leath phingin a chruinniú nuair, go h-ádhúil le Dia, chonaic fear an bharra muid, scairt sé arais orainn, bhéic sé ar na fir a bheith ciúin agus thosaigh muid arís. Chruinnigh muid uilig neart pingeacha agus siúd linn chuig an darna teach ósta. Bhí callán agus fiú troid ar siul sa cheann seo. Bhog muid linn chuig an tríú ceann agus bhí seo ciúin go leor ach bhí a leath de na fir ólta agus iad ina gcodladh ar na
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3