Guth Ghoill, Eagrán 65
Eagrán 65 Nollaig 2019 26 suíocháin. Chuaigh muid arais go dtí an darna ceann arís, bhí an troid thart, bhí fuil sg sileadh le sróntacha, bhí súile dubha ag daoine agus bhí gloinní agus buidéil bhriste ar an urlár. Dúirt muid na ranna, chruinnigh muid na pingeacha agus shiúil muid amach an doras go macánta. Chuaigh muid go cúl an tí ósta seo, áit a raibh solas taobh amuigh air, chuntas muid na pingeacha, roinn muid iad agus chuaigh muid ‘nabhaile. Thóg mé crág mhór airgid amach as mo phóca agus chuir mé é ar an tábla,chuntas mo mháthair é, thug sí scilling agus sé pingine arais domh agus choinnigh sí fhéin an chuid eile. Bhí na Mummers thart fa choinne an bhliain sin ach lean muid leis an nós. Ranna Úra. Tháinig Neil Cullen as Dún Dúbháin ó dhúchas, a bhean chéile Nan de bhunadh Ghaoth Dobhair agus a gclann chun ‘n bhaile as Albain agus chuir siad futhú i nDún Dúbháin. Bhí mac leofa Johnny, go ndéana Dia trócaire air, i mo chuideachta agus muid breá mór le chéile. Bhí ranna (rhymes) faoi leith ag Neil, ranna nár chuala mé féin ariamh roimhe sin. Bhí na ranna seo faoi Fhionn Mac Cumhaill agus Na Fianna. Nuair a chuala mé na ranna seo don chéad uair agus mé i mo stócach óg, an bhliain déag d’aois, chuir siad mé faoi dhraíocht. Bhí mise an bhliain déag d’aois ag an am seo agus bhí Johnny bliain níb óige. Tráthúil go leor labhair muid faoi na Mummers agus dúirt Johnny go raibh ranna speisialta ag a athair. Scríobh Neil síos na ranna agus bhí siad le Johnny an lá arna mhárach, léigh mé iad, d’amharc siad an - deacair, ach chuir mé suim iontu lom láithreach. Mheas Johnny agus mé féin gur bhfiú dúinn grúpa úr a chuir le chéile don Nollaig a bhí le theacht. Rinne muid mar a bheartaigh muid agus bhí ochtar fear óg cróga amuigh sna Mummers an Nollaig sin. Bhí na ranna seo faoi Fhionn Mac Cumhaill agus Na Fianna agus bhí draíocht áirithe ag baint leo mar go raibh siad ag cuir síos ar na h-éachtaí móra a rinne Na Fianna san am a chuaigh thart. Bhí Na Mummers mhóra tagtha ar an saol,bhí ochtar sa ghrúpa mar deir Fionn: ‘And with my seven battalions grand I once ruled over this glorious Irish land’ Thit sé orm féin gur rann Fhionn a bhí le rá agam agus seo páirt den éacht mhór a bhí bainteach liom. Johnny Ó Cuilinn, go ndéana Dia a mhaith air, cara mór le Bernard agus iad sna Mummers.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3